
Arts Squad ag an bhFéile Roola Boola
Tá Seirbhís Ealaíon an Chontae bunaithe ar na prionsabail seo a leanas - caighdeán, bealach teacht ar, cuimsiú soisialta agus fiúntas fadtéarmach. Níl sé i gceist gur le haghaidh an dreama amháin a bhfuil eolas agus taithí acu ar an ealaín agus ar a mbaineann léi atá an tseirbhís seo, ach go mbeadh ar chumas gach aon duine a bheith páirteach san eispéireas taitneamhach seo. Dá bhrí sin is gá go mbeadh teacht ag chuile dhuine ar na healaíona, cuma an dteastaíonn uaidh páirt ghníomhach a ghlacadh san eispéireas céanna nó nach dteastaíonn. Nuair a thugaimid tacaíocht phoiblí do na healaíona taispeánaimíd ár meas ar an ról a ghlacann siad i saol an tsochaí agus ar an maitheas a dhéantar sa phobal dá bharr; féinléiriú, forbairt phearsanta agus neartaíonn sé spiorad ár mothú sainiúlachta ar bhonn pearsanta agus ar bhonn pobail.
Is sa bhliain 1989 a fostaíodh an chéad Oifigeach Ealaíon don chontae. Ó shin i leith lean an Chomhairle Contae ag cur lena tacaíocht do na healaíona, ionas go mbeadh borradh nach beag faoi fhorbairt na n-ealaíon sa chontae.
Is cuid de struchtúr na Comhairle Contae an tSeirbhís Ealaíon. Is tríd an tseirbhís seo a chuidítear le healaíontóirí, le ceoltóirí, le drámadóirí, le damhsóirí chomh maith le gach duine a oibríonn do na ealaíona nó d’eagraíochtaí ealaíonta ar fud an chontae. Freastalaíonn an tseirbhís seo ar riachtanais na ndaoine a chruthaíonn agus a léiríonn ealaín maille leo siúd a bhfuil baint acu léi i bhfoirm ar bith eile.
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Teileafón : (094) 90 24444; folínte
7558, 7471 (Oifig Ealaíon);
7561 (Comhordaitheoir na hEalaíne Poiblí)
7551 (Comhordaitheoir na nEalaíon do dhaoine faoi Mhíchumas)
R-phost : mayoarts@mayococo.ie
Oscailte:
Uaireanta oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 5:00 i.n.
Lean muid ar Facebook @ Mayo Arts Office
Blazin' Fiddles, Sraith Cheoil an tSamhraidh, The Friary Béal Átha hAmhnais
Steve Wall, Deireadh Seachtaine CCME d'Amhránaithe is Scríbhneoirí
Ollie Cole, Deireadh Seachtaine CCME d'Amhránaithe is Scríbhneoirí
Ceardlann Damhsa, Seachtain Damhsa CCME, Béal an Átha
Léiriú Damhsa, Seachtain Damhsa CCME, Béal an Átha