Mayo County Council logo

Oíche Chultúir

Oíche Chultúir Mhaigh Eo, 2018

21 Meán Fómhair 2018

Seo chugainn arís é – tráth le bheith ag pleanáil Oíche Chultúir Mhaigh Eo, 2018!

Ar Oíche Chultúir, fanann na príomheagraíochtaí ealaíne agus cultúir sna bailte móra, cathracha agus contaetha atá ag glacadh páirte ann oscailte go mall sa tráthnóna chun an deis a thabhairt don phobal freastal saor in aisce ar na bailiúcháin, na ceardlanna agus na himeachtaí eile a chuireann na heagraíochtaí cultúrtha seo ar fáil.  

Tugann Oíche Chultúir deis do mhuintir an chontae seo ár bhféiniúlacht chultúrtha féin a cheiliúradh, agus tá Maigh Eo páirteach sa tionscnamh seo ón mbliain 2009 i leith.  Tá sé de rún againn borradh is bús a chur faoi Oíche Chultúir i Maigh Eo arís i mbliana, agus breis grúpaí agus ionaid ag glacadh páirte ann le smaointe úra inspioráideacha. Ba bhreá linn Oíche Chultúir a bheith níos feiceálaí fós ar shráideanna agus i gceantracha áitiúla an chontae.

Mayo Culture Night 2018 (Béarla)

Ba mhór againn dá líonfá amach an fhoirm cláraithe imeachta le sonraí na himeachta atá á eagrú agat le haghaidh Oíche Chultúir, agus seol chugainn ar ríomhphost chuig mayoculturenight@mayococo.ie faoin 30 Meitheamh 2018. 

Tá tuilleadh eolais ar imeachtaí na hoíche sin ar fáil ar http://www.culturenight.ie/tax_regional_events/mayo/

  More Mayo County Council and Local Government Websites