Nuacht Ealaíon
Bealtaine 2012 – Oifig Ealaíon Mhaigh Eo: Ag ceiliúradh cruthaitheachta agus muid ag dul in aois
(Cultúr & na hEalaíona)
Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís! Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo ag cur tús lena clár Bealtaine 2012. Is í seo an seachtú bliain déag de chuid Bhealtaine, an fhéile náisiúnta a cheiliúrann an chruthaitheacht i ndaoine aosta – comhordaithe go náisiúnta ag Age & Opportunity (áisíneacht a bunaíodh le tabhairt faoi dhearcadh dhiúltach i leith na seanaoise agus le ról níos leithne ag seanóirí sa phobal a chur chun cinn. Is é atá mar aidhm ag Bealtaine ná cur le hionchur sheandaoine sna healaíona trí léiriú mothúchán agus trí pháirt ghníomhach a ghlacadh. Meallann Bealtaine seandaoine le bheith ina lucht féachana agus éisteachta eolasach ag foirmeacha uile na healaíne. Déan teagmháil linn ag 094 9047558 nó ag mayoarts@mayococo.ie le haghaidh tuilleadh eolais agus cóip den leabhrán.
Bealtaine 2012 – Oifig Ealaíon Mhaigh Eo: Ag ceiliúradh cruthaitheachta agus muid ag dul in aois
-read the full story.
Posted: 27/04/2012
Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.