Mí dochaillte ceoil - Sraith Ceoil an tSamhraidh Chomhairle Contae Mhaigh Eo 2009
(Cultúr & na hEalaíona)
Beidh ocht gcinn de léirithe páirteach i Sraith Ceoil Shamhraidh Chomhairle Contae Mhaigh Eo in ionaid mórthimpeall an chontae. Beidh Acaill, Caisleán an Bharraigh, Béal Átha hAmhnais, Béal an Mhuirthead, Cathair na Mart, Béal an Átha, Baile Chathail, agus Cluain Cearbán uilig ina stopanna ag an tSraith Cheoil Shamhraidh i 2009. Déantar freastal ar chuid mhaith blasanna i gclár spreagúil, eicléictiúil ina bhfuil cuid den tallann cheoil is fearr ó cheoltóirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá cur in áirithe riachtanach agus indéanta tré Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Tá cead isteach saor in aisce chuig na himeachtaí uilig.
Mí dochaillte ceoil - Sraith Ceoil an tSamhraidh Chomhairle Contae Mhaigh Eo 2009-read the full story.
Posted: 06/07/2009
Féile Scríbhneoirí Force 12, Béal an Mhuirtehad, Fógraithe
(Cultúr & na hEalaíona)
Tá áthas mór ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo an fhoireann spreagúil a fhógairt do Dheireadh Seachtaine Force 12 a bheidh ar siúl i mbliana ón Aoine 12ú go dtí an Domhnach 14ú Meithimh i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.
Féile Scríbhneoirí Force 12, Béal an Mhuirtehad, Fógraithe-read the full story.
Posted: 11/05/2009
Scéim Réigiúnach Sparánachta Tyrone Guthrie Chomhairle Contae Mhaigh Eo
(Cultúr & na hEalaíona)
Tá dhá ghradam speisialta sparántachta á dtairiscint ag Comhairle Contae Mhaigh Eo d'ealaíontóirí a rugadh nó a bhfuil cónaí orthu i Maigh Eo, chun cur ar a gcumas coicís a chaitheamh ag an Tyrone Guthrie Centre ag Eanach Mhic Dheirg, Co. Mhuineacháin.
Scéim Réigiúnach Sparánachta Tyrone Guthrie Chomhairle Contae Mhaigh Eo-read the full story.
Posted: 06/04/2009
Mí Cheoil den scoth - Sraith Cheoil Chomhairle Contae Mhaigh Eo 2010
(Cultúr & na hEalaíona)
Seacht dtaispeántas ceoil, á gcur i láthair in ionaid ar fud an Chontae, a bheidh i Sraith Cheoil Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Beidh imeachtaí ar siúl i mBéal Átha hAmhnais, Béal an Mhuirthead, Cathair na Mart, Béal an Átha, Baile Chathail agus Cluain Cearbán le linn na Sraithe 2010. Cuirfear rogha leathan ceoil ar fáil chun mianta éagsúla a shásamh, agus beidh scoth an cheoil le cloisteáil ó cheoltóirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta mar chuid den chlár loinneach seo. Ní mór suíochán a chur in áirithe roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce.
Mí Cheoil den scoth - Sraith Cheoil Chomhairle Contae Mhaigh Eo 2010-read the full story.
Posted: 13/08/2010
Oíche Chultúir - Céard a bheidh le feiceáil i Maigh Eo ar 23 Meán Fómhair?
(Cultúr & na hEalaíona)
Tá an tráth sin den bhliain buailte linn arís agus eagraíochtaí agus grúpaí cultúrtha ag obair go cruógach go mbeidh gach rud réidh le haghaidh 23 Meán Fómhair, an oíche a osclófar na doirse do phobal atá ag tnúth go mór leis na taitneamhachtaí a bheidh á nochtadh dóibh ann. Reáchtáladh an ocáid den chéad uair i Maigh Eo sa bhliain 2009, agus ba í Oíche Chultúir Mhaigh Eo an chéad Oíche Chultúir a eagraíodh ar bhonn uile-chontae. Tá borradh seasta tagtha faoi líon na n-eagraíochtaí a ghlacann páirt san ócáid ó shin i leith, agus i mbliana beidh 25 ionad cultúrtha ag cur raon leathan imeachtaí cultúrtha os comhair an phobail ar 23 Meán Fómhair.
Oíche Chultúir - Céard a bheidh le feiceáil i Maigh Eo ar 23 Meán Fómhair?
-read the full story.
Posted: 12/09/2011
Biddy Jenkinson - Scríbhneoir Cónaithe Mhaigh Eo 2011
(Cultúr & na hEalaíona)
Tá áthas mór ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo Biddy Jenkinson a fhógairt mar Scríbhneoir Cónaithe Mhaigh Eo 2011. Beidh Biddy ag obair le go leor Grúpaí Scríbhneoirí agus scoileanna ar fud an chontae le linn na Bealtaine.
Biddy Jenkinson - Scríbhneoir Cónaithe Mhaigh Eo 2011-read the full story.
Posted: 06/05/2011
Scéim Réigiúnach Sparánachta Tyrone Guthrie Chomhairle Chontae Mhaigh Eo 2011
(Cultúr & na hEalaíona)
Tá dhá ghradam speisialta sparánachta á dtairiscint ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo d'ealaíontóirí a rugadh nó a bhfuil cónaí orthu i Maigh Eo, chun cur ar a gcumas coicís a chaitheamh ag an Tyrone Guthrie Centre ag Annaghmakerrig, Contae Mhuineacháin. Clúdaíonn gach aon sparánacht costais lóistín uilig do thréimhse coicíse, móide úsáid stiúideo má bhíonn sé riachtanach.
Scéim Réigiúnach Sparánachta Tyrone Guthrie Chomhairle Chontae Mhaigh Eo 2011
-read the full story.
Posted: 08/04/2011
Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.