Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag bronnadh dhá sparánacht speisialta ar ealaíontóirí a rugadh nó a bhfuil ina gcónaí i gContae Mhaigh Eo, ionas go mbeidh siad in ann coicís a chaitheamh ag an Ionad Tyrone Guthrie in Eanach Mhic Dheirg, Contae Mhuineacháin. Íocfar na costais lóistín agus bia ar fad ar feadh coicíse mar chuid den sparánacht, agus cuirfear stiúideo ar fáil más gá.
Tá spásanna éagsúla oibre ar fáil - stiúideonna, seomra ceoil le haghaidh cumadóirí agus ceoltóirí, agus spás mór cleachtaidh agus taispeántais ina measc.
Tá na sparántachtaí oscailte d'ealaíontóirí i ngach réimse ealaíne ar rugadh iad nó a bhfuil ina gcónaí i gContae Mhaigh Eo. Níl srian ar aois an iarratasóra.
Ba ceart d'iarratasóirí ardchumas agus éifeacht ina réimse ealaíne féin a léiriú. Bheifí ag súil de ghnáth go mbeadh saothar scríbhneora foilsithe acu cheana féin i bhfoirm leabhair, go raibh taispeántais aonair i ndánlanna mór le rá ag péintéirí agus dealbhóirí, agus gur coimisiúnaíodh, taifeadadh, nó léiríodh saothar cumadóirí agus ceoltóirí, nó cibé cineál éachta a bhaineann leis an réimse ealaíne atá i gceist. In éagmais na n-éachtaí seo, ní mór don ealaíontóir a chumas a chruthú trí mholtaí nó foirmeacha tacaíochta eile a fháil ó dhaoine mór le rá i réimse na n-ealaíona.
Déan teagmháil le hOifig Ealaíona Chomhairle Contae Mhaigh Eo chun foirm iarratais a fháil.
Fón: 094 90 24444, folíne 7471 nó 7558
r-phost: mayoarts@mayococo.ie
Is é an spriocdháta le haghaidh foirmeacha iarratais a chur isteach ná:
an Aoine 30 Iúil 2010