Mayo County Council logo

Téatar Óige Mhaigh Eo – I’ll Be Your Mirror.

Téatar Óige Mhaigh Eo – I’ll Be Your Mirror.

Taispeántas scríbhneoireachta, stiúrthóireachta agus aisteoireachta arna chum Téatar Óige Mhaigh Eo iad féin is ea “I’ll Be Your Mirror”. Téigh ar sciuird go Lár an tSamhraidh in aimsir Shakespeare (agus an ruaille buaille leis!); faigh léargas ar mheon gníomhaithe choinsiasaigh ag caitheamh a dúthrachta le teifigh a shlánú i saol craiceáilte; cuir aithne ar lánúin atá dulta le craobhacha agus comhairleoir atá sna stoic maidir le cé acu is measa; breathnaigh ar na séasúir ina stillbheatha; bain sult as clár cainte úr Bhéal an Átha 'MYTea' – clár a bhíonn níos mó tóir ar an láithreoir ann ná ar an tae; siúl le saighdiúr a bhfuil scéal ón mbaile ag goilliúint air níos mó ná na heachtraí a d’fhág sé ina dhiaidh ar an láthair chatha; agus buail le cailín óg atá ag teacht aníos le taibhse sa chlann aici. Seo chugat roinnt de na daoine óga is cruthaithí i mBéal an Átha, le hoíche spraoiúil dá saothar féin agus lón machnaimh leis. Tionscnamh de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo is ea Téatar Óige Mhaigh Eo, curtha i láthair ag Ionad Ealaíon Mhaigh Eo. Tá Téatar Óige Mhaigh Eo ina bhall de Youth Theatre Ireland.

Dátaí: Dé hAoine, 7 Aibreán & Dé Sathairn, 8 Aibreán 2017

Am: 8 i.n.

Ionad: Ionad Ealaíon Bhéal an Átha, 096 73593, www.ballinartscentre.com

Ticéid: €10/€8, le ráta speisialta €5 do bhaill téatair óige.



Posted: 22/03/2017
Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.

  More Mayo County Council and Local Government Websites