Mayo County Council logo

Lá Éigse Éireann á cheiliúradh ag Oifig Ealaíon Mhaigh Eo agus Mid West Radio – Déardaoin, 27 Aibreán

Lá Éigse Éireann á cheiliúradh ag Oifig Ealaíon Mhaigh Eo agus Mid West Radio – Déardaoin, 27 Aibreán

Tabhair cluas don raidió chun éisteacht le ceiliúradh Lá Éigse Éireann ag Oifig Ealaíon Mhaigh Eo agus Mid West Radio. Togra de chuid Éigse Éireann is ea an lá seo.

Chun Lá Éigse Éireann, 2017 a cheiliúradh, déanfaidh beirt fhilí – Geraldine Mitchell agus John F Deane – cuid dá saothar a léamh ar chlár Tommy Marren ar Mid West Radio (96.1fm) ag 9.30 r.n. Déardaoin, an 27 Aibreán. Déanfaidh Oifig Ealaíon Mhaigh Eo an taifead a scaipeadh ar na meáin shóisialta ina dhiaidh sin.

 

Geraldine Mitchell: Scríbhneoir de bhunadh Bhaile Átha Cliath í Geraldine, atá ag cur fúithi gar do Chluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo anois. Foilseofar an tríú díolaim dá cuid, Mountains for Breakfast, i mí an Mhárta 2017. Tugadh World Without Maps (Arlen House, 2011) agus Of Birds and Bones (Arlen House, 2014) ar an dá dhíolaim aici go dtí seo. Ghnóthaigh sí Duais Filíochta Patrick Kavanagh in 2008, agus in 2012 thug sí léi an chéad duais i gcomórtas filíochta Trócaire-Éigse Éireann. Tháinig sí sa tríú háit i gComórtas Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí in 2014. Tá dhá úrscéal do dhaoine óga scríofa aici, chomh maith le beathaisnéis Muriel Gahan (1897-1995), bean de bhunadh Chaisleán an Bharraigh, dar teideal Deeds Not Wordswww.geraldinemitchell.net

John F Deane:  rugadh in Acaill é John. Bhunaigh sé Éigse Éireann – an Chumann Náisúnta Filíochta – agus The Poetry Ireland Review. Tá roinnt díolaim filíochta foilsithe aige chomh maith le beagán ficsean. Tá Duais Uí Sheachnasaigh d’Fhilíocht Éireannach, Duais Marten Toonder don Litríocht, agus duaiseanna filíochta san Iodáil agus sa Rómáin buaite aige. Ainmníodh ar an ngearrliosta é do Dhuais T.S.Eliot agus do Dhuais Poetry Now de chuid The Irish Times, agus ghnóthaigh sé cónaitheachtaí sa Bhaváir, i Monacó, agus i bPáras. Sa bhliain 2011 bhuaigh sé duais an Golden Key of Smederevo, duais bhliantúil Sheirbiach a bhronntar ar shaothar filíochta. Is é an chéad fhile Éireannach a bhuaigh an duais seo.  Tá ocht n-eagrán de Poetry Ireland Review curtha in eagar aige le déanaí, agus is eagarthóir agus scríbhnóir é do Poem chomh maith.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Lá Éigse Éireann, 2017, déan teagmháil le hOrlagh Heverin in Oifig Ealaíon Mhaigh Eo ar 094 904 7471| mayoarts@mayococo.ie.



Posted: 22/03/2017
Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.

  More Mayo County Council and Local Government Websites