Mayo County Council logo

Ceiliúradh Lá Éigse Éireann ag Seirbhís Ealaíon Mhaigh Eo agus Mid West Radio – Déardain, 26 Aibreán

Tabhair cluas don raidió chun éisteacht le ceiliúradh Lá Éigse Éireann ag Seirbhís Ealaíon Mhaigh Eo agus Mid West Radio. Togra de chuid Éigse Éireann is ea an lá seo.

Chun Lá Éigse Éireann, 2018 a cheiliúradh, déanfaidh beirt fhilí de bhunadh Mhaigh Eo – Ger Reidy agus Finn Costelloe/UPPBEAT – cuid dá saothar a léamh ar chlár Tommy Marren ar Mid West Radio (96.1fm) ag 9.30 r.n. Déardaoin, an 26 Aibreán.  Déanfaidh Seirbhís Ealaíon Mhaigh Eo an taifead a scaipeadh ar na meáin shóisialta ina dhiaidh sin. 

Ger Reidy: Tá trí dhíolam filíochta agus cnuasach gearrfhicsin amháin scríofa ag Ger Reidy, chomh maith le roinnt comórtas náisiúnta filíochta tugtha leis.

Finn Costelloe/UPPBEAT: File agus ealaíontóir hiphop/malartach atá ag teacht chun cinn é Finn Costelloe/UPPBEAT, arb as Iarthar na hÉireann ó dhúchas dó.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Lá Éigse Éireann, 2018, déan teagmháil le hOrlagh Heverin i Seirbhís Ealaíon Mhaigh Eo ar 094 904 7471| mayoarts@mayococo.ie.



Posted: 02/08/2018
Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.

  More Mayo County Council and Local Government Websites