Oifig na Gaeilge
Cothaíonn agus cuireann Oifig na Gaeilge úsáid na Gaeilge chun cinn i gContae Mhaigh Eo agus cabhraíonn sí le forbairt augs le cur i ngníomh beartas teanga Údaráis Áitiúla Mhaigh Eo.
Is Contae Gaeltachta é Maigh Eo le pobal beomhar labhartha Gaeilge. Tá ceantair Ghaeltachta Iorrais, Acla agus Thuar Mhic Éadaigh saibhir le seanchas, scríbhneoireacht, ceol, suíomhanna stairiúla agus seandálaíocha, agus níos tábhachtaí ná seo, is ceantair labhartha Gaeilge iad. Tá an Chomhairle tiomanta do chosaint oidhreacht uathúil agus teangeolaíoch an Chontae, agus chuig cur chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail ina ceantair Ghaeltachta.

Léarscáil le cead ó Gaelsaoire
Tá pobal suntasach labhartha Gaeilge taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta, agus os cionn 44% de dhaonra an Chontae ag cur síos orthu féin mar lucht labhartha Gaeilge sa daonáireamh is déanaí.
Oifig na Gaeilge - 2010 Cur síos ar an méid a bhain Oifig na Gaeilge amach in 2010.
Ceangail linn ar Twitter
& Facebook 
