Tá stádas na Gaeilge leagtha amach i mBunreacht na hÉireann.
Deir Airteagal 8 den Bhunreacht:
Tá sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú, ar bhealach eagraithe, thar thréimhse ama. Tá sé i gceist ag an reachtaíocht áit agus spás a chruthú don teanga i saol poiblí na tíre.
Tá an Chomhairle Contae meáite ar infhaighteacht níos fearr agus ardchaighdeán seirbhísí poiblí as Gaeilge a chinntiú. Agus seirbhísí trí Ghaeilge á bhfeabhsú aici, tá an Chomhairle tar éis leanúint de chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 trí fhaisnéis a sholáthar don fhoireann maidir le hoibleagáidí na Comhairle maidir leis seo. Is é feidhm an Achta seo ná soláthar agus infheictheacht roghanna seirbhísí dátheangacha a mhéadú trí fheabhsúcháin leanúnacha ar chainníocht agus cáilíocht sholáthar na seirbhísí poiblí as Gaeilge.
Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
Ionstraimí Reachtúla faoin Acht
Treoirleabhar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
Tá Oifig an Choimisinéara Teanga bunaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla mar oifig reachtúil neamhspleách a fheidhmíonn mar sheirbhís ombudsman agus mar áisíneacht ghéilliúlachta.
Is í Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir Teanga ar chomhairle an rialtais tar éis do Thithe an Oireachtais rún a rith ag moladh an cheapacháin. Ar an 23 Feabhra 2004 a ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Athcheapadh ar an mbealach céanna é do thréimhse eile 6 bliana ar an 23 Feabhra 2010.
Tá feidhmeanna agus cumhachtaí an Choimisinéara Teanga leagtha amach san Acht agus tá neamhspleáchas iomlán aige ina ról mar Choimisinéir Teanga.
Feidhmeanna an Choimisinéara Teanga
Cumhachtaí an Choimisinéara Teanga
Freagrachtaí an Aire & an Choimisinéara Teanga
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Teileafón : 094 904 7541
R-phost : gaeilge@mayococo.ie
Oscailte:
& Facebook 