Mayo County Council logo

Coláistí Samhraidh | Summer Colleges


Coláiste Acla


Coláiste Acla  

Coláiste Eachtraíochta a gcuireann réimse leathan d'imeachtaí spóirt agus sóisialta ar fáil chomh maith le ranganna Gaeilge. Tá cláracha speisialta le haghaidh muintir rang 6, dóibh siúd atá ag staidéar don Teastas Sóisearach agus don Ard Teist, cuifear nótaí, freagraí samplacha ar fáil.

www.colaisteacla.com

Coláiste Mhuigheo


Cúrsaí Samhraidh agus Cásca dóibh siúd atá idir 10-18 i gCeathrú Thaidhg in IarThuaisceart Mhaigh Eo i mí Meithimh, Iúil agus Lúnasa.

www.colaistemhuigheo.com

Coláiste Riocaird Bairéid


Coláiste Riocard Bairéid  

Is do dhaltaí idir 11 agus 18 bliana d’aois ar an 1 Eanáir 2012 atá na cúrsaí seo. Dearadh na cúrsaí le cumas na ndaltaí sa teanga labhartha a fheabhsú agus leis an bhféinmhuinín a thabhairt dóibh cumarsáid níos líofa a dhéanamh sa Ghaeilge. Tabharfar modúl do dhaltaí ar na cúrsaí a dearadh go speisialta chun taithí tosaigh a thabhairt dóibh ar ealaíon na scannánaíochta.

Tá Coláiste Riocaird Bairéid suite in iarthuaisceart Mhaigh Eo i nGaeltacht Iorrais siar ó Bhéal an Átha agus 10 míle ó dheas ó Bhéal an Mhuirthead agus cóngarach do Cheann an Fhóid Dhuibh. Tá oileán Inis Gé in aice lena chósta thiar. Tá réimse saibhir fiadhúlra ag maireachtáil ar na hoileáin atá tréigthe anois ag daoine,. Faigheann an Coláiste a ainm ón bhfile cáiliúil áitiúil, Riocaird Bairéad (1729 – 1819) a scríobh dánta ar nós “Preab san Ól” agus “Eoghan Cóir” a bhfuil cur amach forleathan orthu.

www.gael-linn.ie



 

Coláiste UISCE


Coláiste UISCE

Is é Coláiste UISCE an t-aon coláiste samhradh le aitheantas faighte acu ón ISA, rud a chiallaíonn go dtéann daltaí abhaile le teastais aitheanta sna heachtraí uisce. Is é an mana atá ag Coláiste UISCE ná chun gníomhaíochtaí eachtraíochta agus uisce a mhúineadh ar bhealach taitneamhach spraoiúil.

www.uisce.ie

 

Coláiste Néifinn


Coláiste Samhraidh nua-bhunaithe i gCaisleán an Bharraigh, ag iarraidh beocht a thabhairt don teanga taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta. Bíonn cúrsa A ar siúl ag deireadh mhí Mheithimh le haghaidh dóibh siúd atá idir 12-15 agus cúrsa B ar siúl ag deireadh i lár mhí Iúil dóibh siúd atá idir 15-18.

Coláiste Néifinn - 087 357 3778

  More Mayo County Council and Local Government Websites