Mayo County Council logo

Féilte | Festivals


Féilte


Féile Siúlóide Dhúiche Sheoigheach

Dúiche Sheoighe - Márta

Suite idir Loch Measca, Loch Coirib agus Sliabh Phartraí, bíonn an fhéile ar siúl idir le sléibhte áille agus gleannta mistiúla Thuaisceart Cho. na Gaillimhe agus Dheisceart Cho. Mhaigh Eo le feiceáil sa chúlra.

T: 087 1521 716        

R: info@joycecountry.com | turasds@gmail.com     

I: www.joycecountry.com

Seachtain na Gaeilge

Ar fud an Chontae - Márta

Is féile í Seachtain na Gaeilge a spreagann úsáid theanga agus chultúr na Gaeilge. Is cuma más cainteoir dúchais nó foghlaimeoir nua atá ionat bain triail as!

T: 01 4757401

R: eolas@snag.ie

I: www.snag.ie

Féile na bPáistí

Béal an Mhuirthead - Saoire na Cásca

Féile 3 lá lán le himeachtaí spraoíúla do pháistí in Áras Inis Gluaire.

T: 097 81079

R: r.mangan@arasinisgluaire.ie

I: www.arasinisgluaire.ie

Féile John McGrath

Cathair na Mart - Aibreán

Ceann de laocra móra ceol traidisiúnta na hÉireann ab ea McGrath, a bhfuil dearmad déanta anois air ag formhór ceoltóirí na linne seo. Tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann i gCathair na Mart i mbun oibre chun ócáid a bheatha a cheiliúradh.

T: 094 925 6745

Féile Chois Cuain

Cluain Cearbán - Bealtaine (Deireadh Seachtaine Saoire Bainc)

Tá clú agus cáil ar Fhéile Chois Cuain de bharr na seisiún bríomhar neamhfhoirmeálta a bhíonn le cloisteáil ar na sráideanna agus sna tithe leanna - bí linn má tá amhrán le rá agat, port le casadh nó damhsa sna cosa agat! Sin, nó bí inár gcuideachta le blaiseadh den saibhreas cultúir sin.

R: feilechoiscuain@yahoo.com

I: www.feilechoiscuain.com  

Féile Siúlóidí Acla

Oileán Acla - Bealtaine (Deireadh Seachtaine Saoire Bainc)

Bunaíodh Féile Siúlóidí Acla i 2002 agus, tá sé anois mar imeacht socraithe i bhféilire siúlóídí na hÉireann. Tugann na treoraí cainteanna eolasacha agus siamsaíocha le linn na siúlóidí treoraithe, ag tarraingt aird ar na pointí spéise, stair áitiúil agus sonraí tíreolaíocha agus seandálaíocha.

T: 098 47081        

R: rose@achilltourism.com

I: www.achilltourism.com

Heinrich Böll Memorial Weekend

Oileán Acla - Aibreán / Bealtaine

Déanfar comóradh ar shaol Heinrich Böll le linn na Féile seo, agus oidhreacht ealaíon, litríocht, cheol agus sheandálaíocht Acla á ceiliúradh.

I: www.heinrichboellcottage.com

Erris Beo

Béal an Mhuirthead, An Fód Dubh & Dumha Thuama: 14-19 Meitheamh

Imeachtaí de gach saghas ar siúl le linn na Féile ó chomórtas gailf go siúlóidí, aonach ceardaíochta go Super Splash Day i gColáiste Uisce.

I: www.errisbeo.ie      

R: info@errisbeo.ie      

T: 097 82292

Snas ar do Bhlas! - Deireadh Seachtain na Gaeilge ar Chliara

Cliara: 24-26 Meitheamh

Deireadh seachtaine spraoi trí Ghaeilge. Beidh ceol, rince, peile agus tóraíocht taisce ar fud an oileáin, gach modh taistil ceadaithe...car....rothar...asal! 

T: 098 26525

I: www.clareisland.info

Sraith Cheoil an tSamhraidh

Ar fud an Chontae - Iúil

Tá lúcháir mhór ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo clár ilghnéitheach d’imeachtaí éagsúla ceoil a chur ar fáil i gcaitheamh mhí Iúil ar fud Mhaigh Eo.

T: 094 904 7558

R: mayoarts@mayococo.ie

I: www.mayococo.ie/ga/Seirbhisi/OifigEalaion/

Féile na mBád ar Chliara

Cliara - 10ú Iúil

Rásaí na gCurrachaí, Rásaí na nGeoltaí agus neart spóirt agus siamsaícohta ar an trá don chlann uilig.

T: 098 26525

R: cliaracdp@eircom.net 

I: www.clareisland.info

Féile Bia na Mara

Oileán Acla: 14-17 Iúil

'Sí an aidhn atá ag Féile Bia na Mara ná cur chun cinn a dhéanamh ar bia éisc áitiúla, eachtraí na mara agus ceiliúradh a dhéanamh ar ár n-oidhreacht cultúrtha ar Oileán Acla, agus an Ghaeltacht.

T: 098 20705

R: info@feilebianamara.ie

I: www.visitachill.com

Cruinniú Bádóirí Acla

Oileán Acla & Leithnis an Chorráin: Iúil - Meán Fómhair

Sraith bhliantúil de rásanna is ea Féile Geoltaí Acla (Cruinniú Bádóirí Acla) ina bhfuil rásanna le báid seoil geoltaí Acla. Báid seoil adhmaid thraidisiúnta atá sna soithí seo, agus bíonn na rásaí ar siúl sna huiscí thart ar Oileán Acla agus Leithinis an Chorráin.

T: 098 20705

R: info@achilltourism.com

I: www.visitachill.com

Féile Iorrais

Iorras: 15-24 Iúil

Féile Idirnáisiúnta Ealaíona - sé bliana déag ar siúl anois tá sé cruthaithe ag Féile Iorrais gur fáth a ratha ná na himeachtaí éagsúla, ilghnéitheacha atá oiriúnach do gach saghas cúirialtachta agus do gach aoisghrúpa ar fud Iorrais. Ceann de phríomhchospóiri na Féile ná imeascadh agus tuiscint a chothú agus a neartú idir muintir Iorrais agus pobail eile ar fud an domhain. Mar sin beidh imeachtaí éagsúla na Féile ar siúl in ionaid difriúla mór thimpeall iarthuaisceart Mhaigh Eo.

R: feileiorras@eircom.net

I: www.feileiorras.org   

Croí Chaisleán an Bharraigh - Féile Sráide

Caisleán an Bharraigh: 21-23 Iúil

Beidh siamsaíocht bheo, craic agus ceol mar pháirt lárnach i gCaisleán an Bharraigh ón 21 go dtí 21 Iúil 2011 nuair a reáchtálfaidh trádálaithe Chaisleán an Bharraigh i gcomhar le Visit Castlebar an Fhéile Sráide ‘Croí Chaisleán an Bharraigh – Caisleán an Bharraigh Beo Arís’.

I: www.castlebarchamber.ie

Seó Talmhaíochta Thuar Mhic Éadaigh

Tuar Mhic Éadaigh: 24 Iúil

Seó Talmhaíochta Thuar Mhic Éadaigh le rannóga le haghaidh Caoirigh/Capaillíní Conamara/Madraí, Glasraí/Cócaireacht/Ceardaíocht chomh maith le Spóirt & Imeachtaí do Ghasúir, Damhsa ar an Sean Nós, Grianghrafadóireacht, Ealaíon agus Bairbeciú. Tá an fhoirm iarratais le fáil anseo.

T: 094 9544 278        

I: www.tourmakeady.com       

Scoil Acla 

Oileán Acla: 25-31 Iúil

Aoibhneas Ceoil - Mórtas Cine. 'Sí an t-amhránaí Treasa Ní Cheanabháin a bheas mar Cheoltóir Cónaitheach i mbliana.

T: 098 47353

R: info@scoilacla.com

I: www.scoilacla.com

Siamsa Sráide

Béal Átha na Muice: 29 Iúil - 3 Lúnasa  

Féile Sráide le Céilí amuigh faoin aer, Rince, Lá Oidhreachta agus Comórtas Buscála Idirnáisiúnta. Beidh Siúlóidí Stairiúla agus Léamha Filíochta chomh maith.

T: 086 805 9172

R: melletj@iol.ie

Lá Oidhreachta Chathair na Mart

Cathair na Mart: 7 Lúnasa

Bí linn ar Lá Oidhreachta na bliana seo, Lá Oidhreachta Chathair na Mart  agus muid ag  dul siar ar bhóithre na smaointe chun léargas a fháil ar an saol in Éirinn fadó. Beidh neart gníomhaíochtaí ar siúl don teaghlach go léir le héagsúlacht leathan siamsóirí ceoil, filíochta agus drámaíochta. Beidh an Meal i gCathair na Mart lán de cheardaithe agus iad ag díol a dtáirgí agus ag tabhairt léirsithe ar an tslí a dhéantaí rudaí fadó sula dtáinig an Ipod ar an saol!!!

T: 098 27375 nó 098 26555

R: westportheritageday@gmail.com

I: www.westportmusicfesival.com

Ceol na Locha

Tuar Mhic Éadaigh: 8-12 Lúnasa

Scoil Cheoil, Chultúir agus Teanga, le seisiúin ceoil gach oíche, lá margaidh agus go leor imeachtaí eile nach iad. Beidh an teagasc trí mheán na Gaeilge. Cuirfear fáilte roimh thosaitheoirí agus tabharfar gach cúnamh do dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu.

Tá an fhoirm iarratais le fáil anseo.

T: 094 9544 079      

I: www.ceolnalocha.com  

Féile Ghaoth Sáile

Gaoth Sáile: 7-14 Lúnasa

Bainfidh chuile dhuine idir óg 's aosta spraoi as an bhFéile seo, le marcaíocht capall agus cúnna ar an trá, agus aonach siamsaíocht cois trá. Beidh Rás Dhumha Locha ar an 14ú Lúnasa.

R: geesalafestival@gmail.com

September Sessions

Cluain Cearbán: 9-11 Meán Fómhair

Féile Cheoil Thraidisiúnta don teaghlach uile is ea Seisiúin Mhí Mheán Fómhair, a reáchtáiltear gach bliain i dteach tábhairne an Bhun Abhainn i gCluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo.

I: www.bunabhainn.com

Oíche Chultúir 

Ar fud an Chontae: 23 Meán Fómhair 

Ar an Aoine an 23 Meán Fómhair 2011 coinneoidh roinnt ionaid ar fud Mhaigh Eo a gcuid doirse ar oscailt níos moille ná mar is gnách. Tuige sin? Bhuel beidh Oíche Chultúr Mhaigh Eo ar siúl sa chontae, i gcomhar le hoícheanta cultúrtha i gcontaetha eile. Tabharfar tús áite do chúrsaí rochtana agus dá bharr sin cuirfear le huaireanta oscailte ionaid éagsúla ina mbeidh imeachtaí saor in aisce ar fáil don phobal uilig go léir.

R: mayoarts@mayococo.ie

I: www.culturenight.ie nó www.mayococo.ie

Féile an Fhómhair

Iorras: 23-25 Meán Fómhair

Tá Craobh Chlann Lir, ‘sé sin an craobh áitiúil de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, ag reáchtáil Féile an Fhómhair -deireadh seachtaine de ceol traidisiúnta le seisiúin, ceardlanna agus ceolchoirm.

T: 097 81710

Sonas

Cluain Cearbán - Deireadh Fómhair

Féile Ealaíona Aos Óg Chluain Cearbán

I: www.louisburghproject.org 

Féile Leabhar na bPáistí

Ar fud an Chontae - Deireadh Fómhair

T: +353 (0)94 9047922

R: librarymayo@mayococo.ie

I: www.mayolibrary.ie/ga/SeirbhisidoPhaisti/FeileLeabhairnabPaisti

Samhain Abhain

Béal an Átha - 29 & 30 Deireadh Fómhair

Féile bunaithe ar seanscéalta agus sean-nósanna na Samhna.

T: 096 72800

R: info@ballinachamber.com

I: www.ballina.ie

Croí na Nollag Castlebar

Caisleán an Bharraigh: 2- 4 Nollaig

Cur tús leis an Nollag i gCaisleán an Bharraigh le Soilse na Nollag...Siopadóireacht Oíche...Páirceáil Saor in Aisce...Daidí na Nollag...Siamsaíochta Sráide...Ceol Traidisiúnta agus bargains go leor!!!!

T: 098 26555

R: eolas@gnomhaigheo.ie

I: www.gnomhaigheo.ie

Shop 'n Spraoi na Nollag

Cathair na Mart: 9-11 Nollaig

Margadh Mór na Nollag le seastáin ceardaíochta agus bia, Daidí na Nollag, Seomra Scéalaíochta agus Pupaideóireachta do Pháistí, An Puball Gaeilge le ceardlanna, taispeántais, ceoil agus go leor, leor eile.

T: 098 26555

R: eolas@gnomhaigheo.ie

I: www.westportmarket.ie

 


Oifig na Gaeilge


Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo

Teileafón : 094 904 7541
R-phost : gaeilge@mayococo.ie
Oscailte:

Ceangail linn ar Twitter Lean muid ar Twitter. & Facebook Tabhair cuairt orainn ar Facebook.

  More Mayo County Council and Local Government Websites