Mayo County Council logo

Foilseacháin | Publications


Leabhrán - Oifigeach Sóisearach Sábháilteachta Bóthair

(Document)
Tugann an scéim seo dies do pháiste amháin i ngach bunscoil cúraimí Oifigeach Sóisearach Sábháilteachta ar Bhóithre a ghlacadh. Tá an scéim seo a reáchtáil i Maigh Eo le cúpla bhliain anuas, agus leis an leabhrán nua dátheangach seo, beidh na scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna in ann páirt a ghlacadh inti chomh maith.
Formats Available:


An Ghaeilge & Muintir na hÉireann

(Document)
Tuarascáil ar Dhearcaidh i dtaobh na Gaeilge, agus ar chumas agus úsáid na Gaeilge i bPoblacht na hÉireann i 2007-2008
Formats Available:


Scéim Teanga Údaráis Áitiúla Mhaigh Eo

(Document)
Réitigh Comhairle Contae Mhaigh Eo, Comhairle Baile Bhéal an Átha, Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh agus Comhairle Baile Chathair na Mart an Scéim seo faoi Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tugann an Scéim mionsonraí faoi na seirbhísí a sholáthróidh Udarás Áitiúila Mhaigh Eo trí • mheáin na Gaeilge • mheáin an Bhéarla agus • mheáin na Gaeilge agus an Bhéarla. Leagann an scéim seo amach fráma ama comhaointaithe chun seirbhísí nach bhfuil ar fáil trí mhean na Gaeilge faoi láthair, a sholáthar.
Formats Available:


Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 - Osradharc

(Document)
Siníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar 14 Iúil 2003. Is é an chéad phíosa reachtaíochta ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil chun a chinntiú go gcuirfear seirbhísí poiblí ar fáil sa Ghaeilge.
Formats Available:


Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 - Treoirleabhar

(Document)
Tá an Treoirleabhar seo á fhoilsiú ag Oifig an Choimisinéara Teanga chun cúnamh a sholáthar don phobal maidir lena gcearta teanga agus chun comhairle a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Formats Available:


Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030

(Document)
Ainneoin na gcéadta bliain de dhaoine a bheith ag athrú ó Ghaeilge go Béarla, tá an Ghaeilge fós beo mar theanga bheo phobail i roinnt áiteanna a d’fhan ina nGaeltacht agus tá cuid mhaith daoine lasmuigh den Ghaeltacht ag úsáid na Gaeilge ó lá go lá. Braitheann an méid atá i ndán don teanga ar dhaoine a roghnóidh go cinnte leas a bhaint as na deiseanna a chruthóidh an Straitéis seo. Sin é an dúshlán atá amach romhainn ar fad.
Formats Available:


Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Plean Forfheidhmithe 2011

(Document)
Leagtar amach sa phlean forfheidhmithe seo na príomhghníomhaíochtaí a bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag díriú orthu i gcaitheamh na bliana 2011 chun tús a chur leis an bpróiseas maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Is doiciméad beo é an plean forfheidhmithe seo a dhéantar uasdátú air ar bhonn rialta.
Formats Available:


Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht


Tá an tuarascáil seo á cur ar fáil don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i dtaca leis an gconradh taighde a thionscnaigh an Roinn le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Tugadh faoin tuarascáil seo a chur i dtoll a chéile idir Aibhréan 2004 agus Deireadh Fómhair 2006. Is é príomhaidhm na tuarascala críochnaithí seo anailís agus faisnéis a chur ar fáil a thugann léargas chomh cruinn agus is féidir ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht chomhaimseartha. Léiríodh i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 2002 an riachtanas a bhain le faisnéis theangeolaíoch a chur ar fáil don Stát mar chuid de phróiseas athbhreithnithe ar stádas na Gaeltachta.

Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht - Tuarascáil Chríochnaitheach

Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht - Príomhthátal agus Moltaí

Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht - Clár na nAguisíní


Oifig na Gaeilge


Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo

Teileafón : 094 904 7541
R-phost : gaeilge@mayococo.ie
Oscailte:

Ceangail linn ar Twitter Lean muid ar Twitter. & Facebook Tabhair cuairt orainn ar Facebook.

  More Mayo County Council and Local Government Websites