Tá tú anseo: Baile > Seirbhísí > Oifig na Gaeilge > Gaeilge i Maigh Eo

Eolas Gaolmhar

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.

An Ghaeilge i Maigh Eo


ar an Raidió


Parlaimint Mhaigh Eo le Máirtín Mac Dhonnchadha
Luan - 3.00-4.00pm on Raidió na Gaeltachta, 92-94fm

Craolfar an clár seo beo as stiúideo Chaisleán an Bharraigh gach Luan. Fóram a bheidh ann, ina bpléifear chuile cineál ábhar, ó chúrsaí polaitíochta go cúrsaí eacnamaíochta, praghsanna beithíoch agus caorach, an aimsir, an bhail atá ar bhóithre, a bhfuil in ann don Ghaeilge, agus neart eile idir eatarthu - rudaí atá chomh práinneach i gcondae Mhaigh Eo agus atá siad in aon áit eile sa tír. Déanfar plé lombhriathrach. Beidh caint aicearrach ó chuid de na saineolaithe is paiteanta sa tír -Pádraig Ó Gionnáin, Michael Tommy, Mhary John Tom agus a leithéidí. Tabharfar éisteacht do thuairimí aduaine agus do smaointe fánacha.

T: 1850 22 0777      Téacs: 51553        R: maigheo@rte.ie         I: www.rte.ie/rnag/parlaimintmhaigheo
Ceol agus Ealaíon le Joe Byrne
Máirt - 10.00pm-1.00am ar MidWest Radio, 96.1fm

Clár ealaíon, ceoil 's Gaeilge curtha i láthair ag an gceoltóir agus amhránaí Joe Byrne. Clár dátheangach.

T: 094 96 30285           I: www.midwestradio.ie
Ar Éileamh - On Demand le Barbara Nic Dhonnacha
Luan - Aoine, 7.00pm -10.00pm ar iRadio, 102fm-104fm

Clár ceoil le hamhráin nua agus na 10 amhráin is mó éilimh le linn an lae curtha i láthair ag Barbara Nic Dhonnacha a.k.a. An Sionnach Ninja! Clár dátheangach.

I: www.i102104.ie

sna Nuachtáin


'Beo go Deo'

Alt seachtainiúil sa Connaught Telegraph scríofa ag Máirtín Ó Maicín, agus é ag scríobh faoi gnáth imeachtaí an lae agus imeachtaí faoi leith a tharla is a tharlaíonn.

www.con-telegraph.ie/opinion/beo-go-deo

Gaelscéal

Nuachtán seachtainiúl atá le fáil ar líne, agus sna siopaí a leanas gach Aoine: Liosta Siopaí i Maigh Eo

www.gaelsceal.ie

Foinse

Nuachtán seachtainiúl atá le fáil saor in aisce leis an Irish Independent gach Céadaoin.

www.foinse.ie

Gaelport

Cúrsaí reatha na Gaeilge ó nuachtáin na tíre, is féidir clárú leo chun nuachtlitir laethúil a fáil.

www.gaelport.com


Oifig na Gaeilge


Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Teileafón : (094) 904 7541
R-phost : gaeilge@mayococo.ie

Ceangail linn ar Twitter Lean muid ar Twitter. & Facebook Tabhair cuairt orainn ar Facebook.