Mayo County Council logo

An Ghaeilge sna Meáin i Maigh Eo

ar an Raidió

Ceol agus Ealaíon le Joe Byrne
Dé Máirt - 10.00pm-1.00am ar MidWest Radio, 96.1fm

Clár ealaíon, ceoil 's Gaeilge curtha i láthair ag an gceoltóir agus amhránaí Joe Byrne. Clár dátheangach.

T: 094 96 30285           I: www.midwestradio.ie

 

Top 40 as Gaeilge le Brendan Roache
Dé hAoine - 10.00pm-11.00pm ar MidWest Radio, 96.1fm

Clár a chlúdaíonn na hamhráin is mó tóir orthu sa tír é seo, arna chur i láthair ag Brendan Roache, fear de bhunadh na Sráide. Is ceann de dhornán clár cairteacha sa tír a chuirtear i láthair go dátheangach.

T: 094 96 30285           I: www.midwestradio.ie
 
iRL & Rush Hour le Michaela Hayes
Luan - Aoine, 5.50pm -21.50pm ar iRadio, 102fm-104fm

Clár ceoil le hamhráin nua agus na 10 amhráin is mó éilimh le linn an lae curtha i láthair ag Michaela Hayes! Clár dátheangach.

I: www.iradio.ie

 

Ceol i rith na hOíche le Miriam Maher
Luan - Aoine 12.50-5.50 ar iRadio, 102fm-104fm

Bígí ag éisteacht le Miriam gach oíche ar iRadio le haghaidh ceoil agus tuilleadh nach é!  Beidh Miriam mar chomhluadar agat i rith na hoíche ar iRadio le neart ceoil agus comhrá!

I: www.iradio.ie

 

Guaranteed Irish le Barbara Nic Dhonnacha
Domhnach, 8.00pm -22.00pm ar Classic Hits 4fm, 94-105fm

Guaranteed Irish le Barbara Nic Dhonnacha.

I: www.classichits.ie

sna Nuachtáin

Tuairisc

Nuachtán laethúil ar líne le hábhar d'fhoghlaimeoirí chomh maith.

www.tuairisc.ie
Nós

Iris chultúir ar líne a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha.

www.nos.ie/

Deiseanna Labhartha Gaeilge

Is iomaí deis atá ag muintir Mhaigh Eo agus ár gcuid cuairteoirí a gcuid Gaeilge a chleachtadh, le himeachtaí cultúrtha agus teanga ar siúl ar fud an chontae le linn na bliana; idir chiorcail chomhrá agus seisiún cheoil, idir shiúlóidí faoi threoir agus léiriú scannán, idir champaí samhraidh do pháistí agus chúrsaí Gaeltachta do dhaoine fásta.

Reáchtálann Oifig na Gaeilge sraith 'Lón Gaeilge' ar fud an chontae gach mí.  Deis iontach is ea na Lóin seo do chuile dhuine ar spéis leo an Ghaeilge - idir fhoghlaimeoirí, dhaoine nach gcleachtaíonn ró-mhinic í, agus lucht labhartha na Gaeilge - teacht le chéile agus an cúpla focal atá acu a úsáid ag ócáid neamhfhoirmiúil réchúiseach.

Cláraigh anseo don nuachtlitir mhíosúil.

Oifig na Gaeilge

Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Teileafón : (094) 9064369
R-phost : gaeilge@mayococo.ie
Oscailte:

Ceangail linn ar Twitter Lean muid ar Twitter. & Facebook Tabhair cuairt orainn ar Facebook.

Seirbhísí ar líne

Seirbhís eile uait?

FixYourStreet.ie

Cuir an Chomhairle ar an eolas faoi phoill i mbóithre, fabhtanna i gcosáin, fadhbanna draenála/tuile, dumpáil mhídhleathach srl. tríd an suíomh idirlín FixYourStreet.ie.

  More Mayo County Council and Local Government Websites