Turas go hAcaill
Más mian leat do chuid Gaeilge a chleachtadh agus píosa craic a bheith agat ag an am céanna...tar linn go hAcaill!
Ar chostas €60 gheobhaidh tú oíche Leaba & Bricfeasta, dinnéar blasta agus turas bus timpeall an Oileáin. Beidh oíche cheoil tráthnóna Dé Sathairn ag tosú ag 9.30, agus turas timpeall an Oileáin an lá dar gcionn, muna bhfuil an Baile Tréigthe, Túr Chill Damhnait ná Trá na Coime feicthe cheana agat, seo é do sheans …Ceol, caint, bia blasta agus cúpla deoch ar Oileán Acla…bígí linn!
Ná bí buartha muna bhfuil agat ach cúpla focal, tá an deireadh seachtaine seo dírithe ar dhaoine ar bheagán Gaeilge agus daoine nach labhraíonn Gaeilge go minic.
12 Feabhra 7.30 Teacht le chéile & Béile in Óstán Ghob a’Choire
9.30 Oíche Cheoil
13 Feabhra 10-12 Bricfeasta
1.00 Turas timpeall an Oileáin
Ní mór áit a chur in áirithe. Téigh i dteagmháil le gaeilge@mayococo.ie nó 087 697 2922 chun d'áit a chur in áirithe.
Beidh Féile Siúlóidí Acla ar siúl le linn na deireadh seachtaine seo chomh maith gach eolas le fáil anseo . .
Sraith Bhileoga Eolais de chuid na Roinne Comhshaoil i dtaca le cúrsaí Pleanála