Mayo County Council logo

Bronntanas na Teanga - Give the Gift of Gaeilge

 

An bhfuil Liosta na Nollag á scríobh agat?  Ar smaoinigh tú ar Bronntanas na Teanga a thabhairt dod’ chlann agus cairde an Nollaig seo?  Is iomaí bréagán, leabhar agus bronntanas ar fáil i n Gaeilge le ceannach ? Tá réimse leathan le roghnú ó Bábóg Baby, an béirín a labhraíonn Gaeilge, go Scrabble as Gaeilge.

Níos fearr fós, tacaigh le gnóthaí Mhaigh Eo agus déan rogha as na leabhair áille atá ag Cló Mhaigh Eo, foilsitheoir as Clár Chlainne Mhuiris nó na cártaí beannachta dátheangacha atá ar fáil ó Wild Ideas, Béal an Átha. Nó céard faoi cheann de na leabhar nó CDrom atá le fáil ó Siopa na Seanscoile i gCeathrú Thaidhg nó an CDrom nua fhoilsithe Logainmneacha Acla le os cionn 1,600 logainmneacha. 

B’fhéidir gur mhaith leat cabhrú le duine éigin a gcuid Gaeilge a fheabhsú nó gur mhaith leat bealach lán le spraoi a léiriú dóibh le pointí tábhachtacha a bhaint amach ins an bhéaltriail. Céard faoi dearbhán le haghaidh cúrsa samhraidh i gceann de na Coláistí Samhraidh atá lonnaithe i Maigh Eo a fáil dóibh -  Dearbhán le haghaidh Coláistí Samhraidh – beidh siad ag foghlaim gan dua. 

Tá Gnó Mhaigh Eo ag obair i gcomhar lena siopaí áitiúla sa bhfeachtas seo Bronntanas na Teanga - Give the gift of Gaeilge.  Bí ag faire amach do na póstaeir Bronntanas na Teanga i do shiopa leabhair nó bréagáin áitiúil agus buail isteach chucu.

Níos fearr fós, tacaigh le gnóthaí Mhaigh Eo agus déan rogha as na leabhair áille atá ag Cló Mhaigh Eo, foilsitheoir as Clár Chlainne Mhuiris nó na cártaí beannachta dátheangacha atá ar fáil ó Wild Ideas, Béal an Átha. Nó céard faoi cheann de na leabhar nó CDrom atá le fáil ó Siopa na Seanscoile i gCeathrú Thaidhg  

Lean Bronn_na_Teanga ar Twitter agus Gnó Mhaigh Eo ar Facebook, chun an Bronntanas an Lae a fáil amach - moladh ó thaobh Bronntanas Nollag.

 



Posted: 03/12/2011

Seirbhísí ar líne

Seirbhís eile uait?

FixYourStreet.ie

Cuir an Chomhairle ar an eolas faoi phoill i mbóithre, fabhtanna i gcosáin, fadhbanna draenála/tuile, dumpáil mhídhleathach srl. tríd an suíomh idirlín FixYourStreet.ie.

  More Mayo County Council and Local Government Websites