Mayo County Council logo

Bronntanas na Teanga le buachaint ag Seachtain na Gaeilge Mhaigh Eo

Tá Gnó Mhaigh Eo agus Oifig Gaeilge Mhaigh Eo ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge 2013 le feachtas Bronntanas na Teanga. Beidh bréagán, leabhar nó bronntanas le buachaint chuile lá le linn Sheachtain na Gaeilge (4-17 Márta) ar leathanaigh Gaeilge Mhaigh Eo agus Gnó Mhaigh Eo ar Facebook & Twitter chomh maith le spot duaiseanna a bheas le fáil ag cuid de na himeachtaí Seachtain na Gaeilge.

Tá Bábóg Baby agus Scrabble i nGaeilge feicthe ag go leor againn, ach an raibh fhios agat go bhfuil go leor earraí Gaeilge a dhéanamh i Maigh Eo? B’iad foilsitheoirí ó Mhaigh Eo a d’fhoilsigh péire de na leabhar Gaeilge is mó díol le bliain anuas. Agus an leagan Béarla ‘The Hobbit’ i gcló le 75 bliain anuas ba i 2012 a d’fhoilsigh Evertype, comhlacht foilsitheoireachta lonnaithe taobh amuigh de Chathair na Mart, an leagan Gaeilge den leabhar céanna ‘An Hobad’ leis na pictiúir agus na léarscáileanna a rinne J.R. Tolkien féin. Chuir Cló Mhaigh Eo lena sraith d’úrscéalta grafacha iontacha áille leis ‘An Béal Bocht’ ceann de mhórleabhair na Gaeilge.

Idir t-léinte ó Deir Sé agus T-Rex, cártaí beannachta ó Wild Ideas, Marian Heneghan agus Cathal Can Sign, priontaí álainn ó I Love Mayo agus Mindful Productivity is féidir tacú leis an nGaeilge agus leis an lucht gnó áitiúil ag an am céanna.

Bígí ag faire amach ar leathanaigh Gaeilge Mhaigh Eo agus Gnó Mhaigh Eo ar Facebook & Twitter ón 4ú Márta go dtí an 17ú Márta, nó tar chuig ceann nó dhó de na himeachtaí Gaeilge a bheas ar siúl i Maigh Eo le linn Sheachtain na Gaeilge chun do Bhronntanas a bhuachaint! Tá liosta iomlán de na himeachtaí a bheas ar siúl i Maigh Eo chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh le fáil ag www.snag.ie.



Posted: 08/03/2013

Seirbhísí ar líne

Seirbhís eile uait?

FixYourStreet.ie

Cuir an Chomhairle ar an eolas faoi phoill i mbóithre, fabhtanna i gcosáin, fadhbanna draenála/tuile, dumpáil mhídhleathach srl. tríd an suíomh idirlín FixYourStreet.ie.

  More Mayo County Council and Local Government Websites