Ceol & Craic

OÍCHE SCÉALDRÁMAÍOCHTA le hAISTEOIRÍ CHORR na MÓNA

Oíche Scéaldrámaíochta á eagrú ag Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, le cuireadh ó Mhuintir Chathair na Mart, a bheidh ar siúl ar an Aoine ar 9i.n. in Óstán an Wyatt. Scéalta de chuid Chontae Mhaigh Eo a bheidh mar ábhar acu - "Dúthaigh Sheoigheach"& "Mícheál Mac Suihbne agus Murchadh Ó Maoláin", agus feicfear ar stáitse Aisteoirí Chorr na Móna, Agallaimh Beirte, Lúibíní, Amhráin Saothair agus Ceol.

Muintir Chathair na Mart will host an Oíche Scéaldrámaíochta two Mayo drama will be performed by Aisteoirí Chorr na Móna "Dúthaigh Sheoigheach"& "Mícheál Mac Suihbne agus Murchadh Ó Maoláin" along with Agallaimh, Lúibhíní agus neart eile in the Wyatt Hotel at 9 on Friday evening. 

Muintir Chathair na Mart        R:ucq@iolfree.ie

RANGANNA CEOIL GHEIMRIDH | MUSIC LESSONS
(english version below)

Beidh ranganna ceoil ar siúl gach Céadaoin i rith an geimhridh.  Beidh teagasc den scoth le fáil sa giotár, méarchlár, fidil, feadóg agus sa cairdín. Beidh na ranganna ar siúl ó7pm – 8pm do thosaitheoirí agus ó8pm – 9pmdo iar-dhaltaí.  Beidh ranganna canadh tradisiúnta ar siúl freisin, ó 7pm- 8.

***

Music Lessons for 2011 / 2012 are underway every Wednesday in Áras Inis Gluaire.  Expert tuition in guitar, keyboard, violin, accordion and tin whistle.  Traditional singing classes are also ongoing every Wednesday from 7pm-8pm.  Call 097 81079 for further details. 

Áras Inis Gluaire      T: 097 81079          I: www.arasinisgluaire.ie     

SIANSA GAEL LINN
(english version below)

Siansa is teideal don chomórtas seo do ghrúpaí traidisiúnta. Tá sé á reáchtáil ag Gael Linn, le tacaíocht ó Foras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine, chun spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr de ógthallann ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre. Bíodh is gur comórtas atá i gceist tugtar cabhair agus cúnamh do na ceoltóirí óga trí cheardlanna a eagrú dóibh le ceoltóirí cáiliúla. Cuirtear béim mhór freisin ar chur chun cinn na Gaeilge agus chuige sin eagraítear gach ócáid trí Ghaeilge. Tá súil againn grúpaí a mhealladh a mbeidh sé mar sprioc acu an ceol agus an amhránaíocht thraidisiúnta a thabhairt leo, mar atá déanta ag grúpaí ar nós Téada, Altan, Danú, Dervish, Solas, &rl.

Tá an fhoirm iontrála le fáil anseo.

Iontráil

  • Ní mór foirmeacha iontrála comhlánaithe agus táille €20 nó £15 stg. a bheith ag Gael Linn roimh 7 Samhain 2011.
    Cuirfear dlúthdhiosca de dhuaiseoirí SIANSA GAEL LINN 2011 amach chuig gach grúpa a chuireann isteach iontráil.
    Glacfar leis na dioscaí suas go dtí 9 Nollaig 2011.
    Moltar do ghrúpaí cóip den diosca a choinneáil ar eagla go gcaillfaí é nó go ndéanfaí damáiste dó sa phost. Ní chuirfear na dioscaí ar ais chuig na grúpaí.

***

SIANSA GAEL LINN is a competition for young traditional music and singing groups organised by Gael Linn with sponsorship from Foras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta and Irish Music Magazine.

Siansa provides a platform for traditional groups who are aiming to develop their own traditional style as did groups such as Téada, Altan, Danú, Dervish, Solas etc. Young people taking part in Siansa must be over 12 and under 19 years of age. Groups may have between 5 and 8 members.

The application form is available here

Applications

  • Completed application forms must be returned to Gael Linn, together with a fee of €20 or £15 stg. before 7 November 2011.
    On receipt of application forms each group will receive a CD recording of last year's winning groups.
    Entries on CD or minidisk will be accepted until 9 December 2011.
    Groups are advised to keep a copy of their recording in case of loss or damage in transit.
    Entries received by Gael Linn will not be returned. 
Gael Linn      T: 01 675 3303       I: www.gael-linn.ie