Mayo County Council logo

Scéimeanna Maoinithe - Foras na Gaeilge - Funding Schemes


Scéimeanna Maoinithe - Foras na Gaeilge


Tá Foras na Gaeilge ag glacadh le hiarratais do na scéimeanna seo a leanas:

Scéim na nImeachtaí Óige

  • Aidhm: Tacú le grúpaí nó le daoine taobh amuigh den Ghaeltacht imeachtaí trí mheán na Gaeilge a reáchtáil don aos óg lasmuigh d’am scoile idir 1 Meán Fómhair 2013 agus 30 Meitheamh 2014
  • Tacaíocht ar fáil: Suas le €5,000 – le táillí na ndaoine óga a choinneáil íseal
  • Spriocghrúpa:  Páistí idir 3 agus 18 bliana
  • Lucht eagraithe na gcampaí: múinteoirí Gaeilge, oibrithe deonacha
  • Dáta Deiridh: 12 Aibreán 2013
  • Foirmeacha iarratais le fáil anseo. Tuilleadh eolais le fáil ó oideachas@forasnagaeilge.ie

Scéim na gCampaí Samhraidh

  • Aidhm: Tacú le grúpaí taobh amuigh den Ghaeltacht campaí samhraidh a reáchtáil trí mheán na Gaeilge idir 1 Iúil 2013 agus 30 Lúnasa 2013
  • Tacaíocht ar fáil: Suas le €5,000 – le táillí na ndaoine óga a choinneáil íseal
  • Spriocghrúpa: Páistí idir 3 agus 18 bliana
  • Lucht eagraithe na gcampaí: múinteoirí Gaeilge, oibrithe deonacha
  • Dáta Deiridh: 8 Márta 2013
  • Foirmeacha iarratais le fáil anseo. Tuilleadh eolais le fáil ó oideachas@forasnagaeilge.ie

An Ghaeilge sa Phobal

  • Aidhm: Tacú le grúpaí pobail imeachtaí a reáchtáil leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn logánta.
  • Tacaíocht ar fáil: Suas le €5,000 ar fáil do choistí pobail leis an Ghaeilge a spreagadh agus a úsáid ar bhonn logánta.
  • Spriocghrúpa: Coistí pobail
  • Dáta Deiridh: 8 Márta 2013
  • Foirmeacha iarratais le fáil anseo.

Scéim na bhFéilte 2013

  • Aidhm: Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil mar aidhm acu na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasach agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den bhféile, agus ardán a chur ar fáil go hidirnáisiúnta, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon.
  • Critéir na Scéime:
    • Ábhar na féile, líon agus tarraingteacht na n-imeachtaí trí mheán na Gaeilge
    • Samhlaíocht agus nuálaíocht clár oibre lucht reáchtála na féile
    • Líon rannpháirtithe
    • Úsáid na Gaeilge ar chlár na féile agus ar ábhar bholscaireachta na féile.
  • Dáta Deiridh: 8 Feabhra 2013
  • Tuilleadh eolais le fáil anseo. Foirmeacha iarratais agus treoirlínte le fáil ó feilte@forasnagaeilge.ie

Scéim um Chomharthaíocht Dhátheangach/Ghaeilge

  • Aidhm: Tacú le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide comharthaíocht sheachtarach i nGaeilge nó go dátheangach a chur in airde.
  • Tacaíocht ar fáil: Maoiniú meaitseála d’uasmhéid €1,500 i.e. éadain siopaí, comharthaí ar fheithlicí, treoirchomharthaí lasmuigh, srl.
  • Spriocghrúpa: Fiontair tráchtála bheaga agus mheánmhéide amháin.
  • Foirmeacha iarratais le fáil anseo. Tuilleadh eolais le fáil ó gno@forasnagaeilge.ie

Scéim um Ábhair Dhátheangacha/Ghaeilge

  • Aidhm: Tacú le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide ábhar eile infheictheachta a tháirgiú agus a úsáid le Gaeilge nó go dátheangach.
  • Tacaíocht ar fáil: Maoiniú meaitseála d’uasmhéid €1,000 do leithéid de: stáiseanóireacht, pacaístíocht, suíomhanna idirlín, comharthaíocht inmheánach, bileoga, ábhar margaíochta, srl.
  • Spriocghrúpa:Fiontair tráchtála bheaga agus mheánmhéide amháin.
  • Foirmeacha iarratais le fáil anseo. Tuilleadh eolais le fáil ó gno@forasnagaeilge.ie

Foras na Gaeilge           T: 01 639 8400          R: eolas@forasnagaeilge.ie      I: www.gaeilge.ie


Oifig na Gaeilge


Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Teileafón : 094 904 7541
R-phost : gaeilge@mayococo.ie
Oscailte:

Ceangail linn ar Twitter Lean muid ar Twitter. & Facebook Tabhair cuairt orainn ar Facebook.

  More Mayo County Council and Local Government Websites