Bíonn an Stiúrthóireacht Pobail agus Fiontraíochta ag obair as láimh Bhord Forbartha an Chontae (CDB). I dtaca leis seo, foilsíodh an “Straitéis 10 mbliana um Fhorbairt Eacnamaíochta, Shóisialta agus Chultúrtha Chontae Mhaigh Eo”, chomh maith le “Athbhreithniú ar Phlean 2002-2005”, agus “Plean 2006-2008”.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó www.mayocdb.ie
Déanann an Stiúrthóireacht aighneachtaí thar ceann CDB Mhaigh Eo faoi réimse leathan ceisteanna beartais. Cuireadh aighneachtaí den sórt seo faoi bhráid an Aonaid um Pleanáil Spásúlachta de chuid na Roinne Comhshaoil agus Údaráis Áitiúil, Choiste an Athbhreithnithe Straitéisigh Iarnróid, agus na Comhairle Náisiúnta um Choireacht, i measc rudaí eile.