Seirbhísí: Rátaí & Cúrsaí Airgeadais
Rátaí Tráchtála
Go bunúsach, cáin réadmhaoine ar áitribh thráchtála is ea rátaí. Tá a mbunús acu sa 19ú haois nuair a bhí luach réadmhaoine uile – cé is moite de roinnt eisceachtaí – bunaithe ar luach an chíosa air in aghaidh na bliana. Cealaíodh na rátaí ar réadmhaoin tí sa bhliain 1977, agus gaireadh míbhunreachtúil iad na rátaí ar thalamh agus foirgnimh thalmhaíochta sa bhliain 1982.
Bailíonn Comhairle Contae Mhaigh Eo tuairim is 10% dá caiteachas ioncaim trí rátaí trachtála. Dá bhrí seo, tá bailiúchán na rátaí ar áitribh ghnó agus thionsclaíoch fíorthábhacht i gcothú an réimse seirbhísí a sholáthraíonn an Chomhairle.
Is é 68.76 an Ráta Luachála don bhliain 2011.
Luachálacha Inrátáilte
Tá luacháil inrátáilte ar gach réadmhaoin shocair, ach ní íoctar rátaí ach ar réadmhaoin tráchtála nó thionsclaíoch. Cealaíodh rátaí tí sa bhliain 1977. Is é an Coimisinéir Luachála a shocraíonn na luachálacha inrátáilte, ní hé cúram an údaráis áitiúil é.
Athbhreithnú ar Luachálacha
Is iad na húdaráis áitiúla de ghnáth a dhéanann iarratais ar athbhreithniú ar luacháil, ach is féidir le húinéar réadmhaoine ar bith atá inrátáilte iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh díreach chuig an Oifig Luachála, a fhad is go ndearnadh athrú suntasach ar an réadmhaoin ó luacháladh an uair dheiridh é.
Go ginearálta, déanfaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo luacháil a lorg ar áitribh nua nó ar áitreabh a ndearnadh athchóiriú suntasach air. Is féidir le haon sealbhóir leasa i réadmhaoin a mbaineann an tAcht Luachála leis iarratas a dhéanamh ar athbhreithnú ar an luacháil chuig an gCoimisinéir Luachála, ach an táille chuí a íoc.
Baineann an t-údarás áitiúil leas as an luacháil inrátáilte i dtreo na rátaí tráchtála a íocann gach íocóir rátaí a ríomh.
Is é an tAcht Luachála, 2001, bunús an chórais reatha rátála. Rateable Property Exempt Property
Chun tuilleadh eolais a fháil ar luachálacha, déan teagmháil leis an Oifig Luachála. Más ceist a bhaineann go sonrach le luachálacha i gCo. Mhaigh Eo atá agat, cuir fios ar Damian Curran ar 01-8176435.
Ráta Bliaintiúl ar Luacháil (ARV)
Is é an ARV an figiúr a úsáidtear chun luach na rátaí atá le híoc in aghaidh na bliana ag áititheoir réadmhaoine inrátáilte a ríomh, agus tógann se luach an áitribh san áireamh. Socraítear an figiúr seo ag cruinniú bliantúil de chomhaltaí tofa na Comhairle ina bpléitear an buiséad. Is é 68.76 an ARV atá i bhfeidhm i limistéar Chomhairle Contae Mhaigh Eo don bhliain 2011.
Dá bhrí sin, más €15.00 luach do réadmhaoine, is é €15.00 x 68.76 = €1031.40 na rátaí a íocfar in 2011.
Más mian leat socruithe a dhéanamh chun na rátaí a íoc de réir a chéile, is
iondúil gur féidir a dhéanamh amhlaidh ach teagmháil a dhéanamh le do Bhailitheoir
áitiúil Ioncaim. Tá liosta díobh ar fáil anseo: Revenue Collector
Ceisteanna Coitianta
C. Táim díreach i ndiaidh gnó a bhunú. Cé mhéad a chosnóidh rátaí orm?
Braitheann sé seo ar an gcineál áitribh atá agat – cibé acu áitreabh nuathógtha nó áitreabh a íocadh rátaí ina leith cheana é.
Beidh ar an Oifig Luachála luach an fhoirgnimh nuathógtha a mheas sula n-íocfar rátaí ina leith. Is éard atá i gceist leis seo ná go dtiocfaidh duine dá luachálaithe oilte amach chuig an áitreabh chun measúnú a dhéanamh air, agus cuirfear an luach a mholann siad in iúl duit ina dhiaidh. Tá nós imeachta ann chun achomharc a dhéanamh ina aghaidh más mian leat – breathnaigh ar an Acht Luachála, 2001.
Má tá tú ag baint úsáide as foirgneamh a íocadh rátaí air cheana féin, beidh na rátaí céanna sin dlite ina leith. Beidh athluacháil ag teastáil ar an bhfoirgneamh áfach má dhéantar athchóiriú suntasach air. Má tá eolas uait ar luach na rátaí a ghabhann le haon áitreabh ar leith, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifig na Rátaí ar (094) 9024444, ratesoffice@mayococo.ie, nó leis an mBailitheoir Ioncaim i do cheantar féin ( Revenue Collector).
C. Tá mo ghnó druidte agam. An mbeidh rátaí dlite i leith na réadmhaoine i gcónaí?
Beidh. Tá rátaí iníoctha ar gach réadmhaoin luacháilte tráchtála nó thionsclaíoch. Má fhágtar an t-áitreabh folamh áfach, tig leis an úinéar aisíocaíocht ar na rátaí a íocadh a lorg on údarás áitiúil a fhad is gur féidir leo a thaispeáint (1) go raibh an t-áitreabh ar fáil le ligean nó (2) go raibh athrú, athchóiriú, nó deisiú á dhéanamh ar an réadmhaoin.
C. Tá áitreabh agam ar cíos. Cé againn a íocann na rátaí - mé féin nó an t-úinéar?
Is é áititheoir an áitribh atá faoi dhliteanas dleathúil na rátaí ina leith a íoc. Má theipeann ar an áititheoir iad a íoc, is é an t-úinéar atá freagrach as.
C. Céard a tharlaíonn mura n-íocaim mo chuid rátaí?
Tionscnófar imeachtaí dlí i do choinne má theipeann ort do chuid rátaí a íoc, agus tarraingofar os comhair na cúirte thú. D’fhéadfadh an Chomhairle an fiach a chlárú mar mhorgáiste breithiúnais ar an maoin.
C. Cén fáth a bhfuil rátaí á n-íoc agam?
Tagann tuairim is 10% d’ioncam bliaintúil Chomhairle Contae Mhaigh Eo ó rátaí. Caitear do chuid airgid ar na feidhmeanna éagsúla atá ag an gComhairle, feidhmeanna ar nós bóithre, seirbhísí sláintíochta, soilsiú poiblí, srianta comhshaoil, srl. Breathnaigh ar an bpríomhláithreán gréasáin seo againne le haghaidh tuilleadh sonraí.
