Tithíocht
Question: Cé leis a mbaineann an Scéim Tithíochta Inacmhainne?
Answer:
Tá an Scéim Tithíochta Inacmhainne dírithe ar thógáil thithe úra i gceantair ina bhfuil bearna inacmhainneachta idir gnáthcheannaítheoirí tithe agus ceannaítheoirí ar ioncaim íseal. Cuirfear na tithe ar díol do cheannaítheoirí den chéad iarracht atá incháilithe don scéim, agus tairgeofar iad ar lascaine mhór ó luach mhargaidh thithe dá macasamhail sa cheantar.
Tá breis eolais le fáil ar an leathanach ar Thithe Inacmhainne
For more information, contact:
Rannóg Tithíochta
Last updated: 03/10/2007
Tithíocht
Question: Céard í an Scéim Tacaíochta Caipitil?
Answer:
Cuireann sí cóiríocht ar fáil, aonaid le seomra codlata amháin nó dhá cheann go hiondúil, chun riachtanais speisialta a fhreastal, mar shampla riachtanais dhaoine aosta, riachtanais dhaoine atá faoi mhíchumas, nó riachtanais teaghlaigh beaga.
Le breis eolais a fháil, féach ar mhír Tithíocht Dheonach
For more information, contact:
Rannóg Tithíochta
Last updated: 03/10/2007
Tithíocht
Question: Céard iad na roghanna do Dhaoine gan Dídean?
Answer:
Tá raon leathan cumhachtaí ag údaráis áitiúla chun cóiríocht a chur ar fáil do dhaoine gan dídean. Mar aon le tithíocht a chur ar fáil go díreach, tig le húdaráis áitiúla socraithe a dhéanamh le heagraíochtaí deonacha chun cóiríocht a chur ar fáil do dhaoine gan dídean, cúnamh airgeadais nó eile a chur ar fáil dóibh, agus, más gá, cóiríocht phríobháideach a sholáthar.
Le breis eolais a fháil féach ar an mír Cóiríocht do Dhaoine gan Dídean
For more information, contact:
n/a
Last updated: 03/10/2007
Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.