Tá tú anseo: Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Liúntas Morgáiste

Tithíocht: Liúntas Morgáiste


Scéim Liúntas Morgáiste


Íoctar liúntas suas chuig €11,428 thar thréimhse 5 bliana do thionóntaí nó do thionóntaí-cheannaitheoirí ón údarás áitiúil, nó tionónta i dtithíocht curtha ar fáil faoin Scéim Tithíochta Deonaí um Fhóirdheontais Chíosa, chun cabhrú leo teach príobháideach a cheannach nó a thógáil ar mhorgáiste.

An gCáilíonn Mé?

Más

  • tionónta nó tionónta-cheannaitheoir de chuid an údaráis áitiúil thú ar mhaith leat teach príobháideach a cheannach, agus an teach atá agat a thabhairt ar ais don údarás áitiúil,

  • más tionónta thú le breis agus bliain caite agat i dteach atá curtha ar fáil ag comhlacht deonach faoin Scéim um Fhóirdheontais Chíosa, ar mhaith leat teach príobháideach a cheannach agus an teach atá agat a thabhairt ar ais don chomhlacht deonach,is féidir leat cur isteach ar liúntas mhorgáiste.

Cé mhéád atá sa Liúntas?

Go hiondúil is fiú €11,428 an liúntas. Íoctar go díreach don ghníomhaireacht iasachta é, agus laghdaíonn sé na híocaíochtaí ar do mhorgáiste i ngach ceann de na chéad cúig bliana den mhorgáiste - le €3,555 sa chéad bhliain, € 2,793 sa dara bliain, €2,032 sa tríú bliain, €1,778 sa cheathrú bliain, agus le €1,270 sa chúigiú bliain. Ní féidir leis an liúntas a íoctar in aon bhliain amháin a bheith níos mó ná luach na n-aisíocaíochtaí ar an morgáiste. Dá mbeadh, mar shampla, €3,174 le híoc agat ar do mhorgáiste sa chéad bhliain, bheadh €3,174 sa liúntas.

Go ginearálta, beidh aisíocaíochtaí morgáiste agat fós, fiú amháin leis an liúntas morgáiste san áireamh. Mar shampla, le morgáiste €100,000 thar 20 bliain ó d’údarás áitiúil, le hús athraitheach agus é ag seasamh faoi láthair ag 3.25% (Bealtaine 2001), (cosaint mhorgáiste ag 0.5615% fágtha ar lár), d’ísleodh an liúntas morgáiste d’aisíocaíochtaí míosúla (roimh fhaoiseamh cánach ioncaim ar ús morgáiste) sa chéad bhliain ó €738 síos tuairim is €442 in aghaidh na míosa.

Mura bhfuil tú in ann morgáiste a fháil ó bhanc nó ó chumann foirgníochta, tig leat bheith incháilithe ar cheann ón údaras áitiúil - cuir ceist ar d'údarás áitiúil faoina n-iasachtaí le haghaidh cheannach tí. Má tá sé i gceist agat teach nua a thógáil, tig leat suíomh ar chostas íseal a fháil ó d’údarás áitiúil mar aon leis an liúntas morgáiste. Déan teagmháil le d’oifig áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil ina leith.

Oifig Bhéal an Átha                  (096) 76100

Oifig Bhaile an Róba                 (094) 9541111

Oifig Bhéal an Mhuirthead        (097) 81004

Oifig Chaisleán an Bharraigh    (094) 9024444

Oifig Chlár Chlainne Mhuiris     (094) 9362954

Oifig Bhéal Átha na Muice        (094) 9251495

Oifig Chathair na Mart             (098) 50400