Tithíocht: Úinéireacht Roinnte
Úinéireacht Roinnte
An Scéim Uinéireachta Roinnte
Tugann Úinéireacht Roinnte deis do dhaoine úinéireacht tí a bhaint amach thar roinnt céimeanna, daoine nach bhfuil ar a gcumas acu úinéireacht iomlán a fháil sa bhealach traidisiúnta ach go háirithe. Ar dtús roinntear úinéireacht an tí idir an t-úinéir roinnte agus an t-údarás áitiúil.
An dtig liom Cáiliú don Scéim?
Má:
- tá riachtanas tithíochta agat agus má shásaíonn d'ioncam an tástáil ioncaim thíos, nó
- tá d'iarratas ar thithíocht ón údarás áitiúíl ceadaithe ag an údarás áitiúil, nó
- más tionónta nó tionónta-cheannaitheoir thú ar mhaith leat teach príobháideach a cheannach agus an teach atá agat a thabhairt ar ais don údarás áitiúil, nó
- más tionónta thú le teach atá curtha ar fáil ag comhlacht deonach faoin Scéim um Chóiríocht ar Cíos ar mhaith leat teach príobháideach a cheannach agus an teach atá agat a thabhairt ar ais don chomhlacht deonach.
Tig leat iarratas a dhéanamh le d'údarás áitiúil ar úinéireacht roinnte
Níor cheart duit aon cheangaltas a thabhairt ort féin i dtaobh teach a cheannacht roimh duit cead a fháil i bhfoirm scríofa ón údarás áitiúil
Cén chaoi a bhfeidhmíonn an tástáil ioncaim?
Teaghlaigh ar ioncam amháin:
Méadaigh d'ioncam comhlán (roimh cháin) sa bhliain iomlán is déanaí faoi 2.5. Más é an toradh ar sin €79,395 nó níos lú, tá tú incháilithe.
Teaghlach le dhá ioncaim:
Méadaigh an t-ioncam comhlán is mó faoi 2.5 agus cuir leis sin an t-ioncam comhlán eile, an ceann is lú. Má bhíonn an toradh ar seo níos lú ná €79,395, tá tú incháilithe.
Seo a leanas roinnt samplaí ar an mbealach a d'fheidhmeodh an tástáil ioncaim í gcúinsí áirithe:
|
|
Teaghlach ar ioncam amháin |
Teaghlach ar ioncam amháin |
Teaghlach ar dhá ioncam |
Teaghlach ar dhá ioncam |
|
Príomhion-cam sa teaghlach |
€31,743 |
€33,013 |
€25,395 |
€24,125 |
|
Fo-Ioncam |
- |
- |
€15,875 |
€21,585 |
|
Foirmle |
€31,743 |
€33,013 |
€25,395 |
€24,125 |
|
Incháilithe |
Tá |
Níl |
Tá |
Níl |
Cé a Cháilíonn don Fhóirdheontas Cíosa agus Cad is Fiú é?
Maidir le beart ar bith ar cuireadh tús leis ar nó i ndiaidh an 1 Eanáir 2000, cáilíonn aon úinéir roinnte a raibh ioncam tí de €25,500 nó níos lú aige sa bhliain cánach roimhe. Tá raon lascainí, idir €1,050 agus €2,550 le fáil, chomh fada is nach n-íslíonn an lascaine an cíos faoi bhun €1 in aghaidh na seachtaine. I gcás socruithe Úinéireachta Roinnte ar cuireadh tús leo i ndiaidh 1 Eanáir 2006 tá banda cánach eile i bhfeidhm (€25,501-€28,000). Méadaítear leis seo an scoithphointe incháilithe ó €25,501 go €28,801. Beidh tionchar ag d'ioncam tí ar aon lascaine a cheadófar, mar a leanas:
Lascaine Ioncam Teaghlaigh Iníoctha
Ioncam Tí |
Liúntas in aghaidh na bliana |
|---|---|
€13,000 nó níos lú |
€2,550 |
€13,001 to €15,500 |
€2,300 |
€15,501 to €18,000 |
€2,050 |
€18,001 to €20,500 |
€1,800 |
€20,501 to €23,000 |
€1,550 |
€23,001 to €25,500 |
€1,300 |
€25,501 to €28,000 |
€1,050 |
Cén chaoi ar féidir liom fuílleach mo thí a cheannach?
Is féidir an chuid den teach atá faoi chíos a cheannach amach go h-iomlán uair ar bith. Mar chomhrogha ar sin, is féidir codanna breise a cheannach ó am go chéile, má chuireann tú le do mhorgáiste nó má íocann tú airgead tirim. Tá dualgas ort, áfach, an úinéireacht iomlán a cheannach laistigh de thréimhse 25 bliain. Ní chiallaíonn sé seo go gcaithfidh tú an caipiteal uilig atá neamhíoctha ar an mhorgáiste a aisíoc laistigh de 25 bliain. Tig le húinéir roinnte morgáiste eile a thógáil amach chun an chuid atá fágtha a cheannach amach má bhíonn an bunmhorgáiste íoctha go hiomlán. Is é an costas a bheidh ar cheannach na coda breise ná bunchostas na coda sin tugtha suas chun dáta de réir boilscithe (ag baint úsáid as an Innéacs Praghsanna Tomhaltóirí).
An bhfuil cead agam mo theach a athdhíol?
Tá cead agat do theach a athdhíol am ar bith. Beidh an t-údarás áitiúil i dteideal éileamh a dhéanamh ar aon ghnáthscair atá amuigh acu sa teach (é seo tógtha chun dáta de réir an Innéacs Praghasanna Tomhaltóirí).
Anuas air seo, má chuir an t-údarás áitiúil do theach ar fáil duit i dtosach, agus é sin ar lascaine ón mhargadhluach, caithfidh tú céatadán d’fháltais an díolacháin a aisíoc don údarás áitiúil. Caithfear athchistiú a íoc má dhíolann tú an teach sna chéad deich mbliana áitíochta. Tugtar laghdú 10% in aghaidh na bliana ar gach bhliain iomlán áitíochta idir 10 mbliana agus 20 bliain. Tar éis 20 bliain áitíochta iomlán ní bheadh aon athchistiú dlite don údarás áitiúil as athdhíol an tí.
