Mayo County Council logo

Ainmhithe agus Talmhaíocht

Veterinary photo - lamb

Seirbhísí Tréidliachta


Tá an Rannóg Tréidliachta i bhfeighil ar chigireacht bia agus ar bhainistiú galair beostoic.

Eolas faoi mhadraí: Maor Madraí, Póna Madraí, Ceadúnais Mhadraí, Madraí ar iarraidh, Madraí ag tafann

Cuireann Comhairle Contae Mhaigh Eo seirbhísí srianta ainmhithe (Maor Madraí) ar fáil, mar aon le seirbhís tréidliachta chun cosc a chur ar leathadh galar dhíobháileach beostoic.

Ceadúnais Mhadraí ar fáil ón Oifig Poist (An Post) is gaire duit, nó tig leat iarratas a dhéanamh ar do Cheadúnas Madraí ar líne.

Chun ceist a bhaineann le beostoc a phlé, déan teagmháil leis an Rannóg Talmhaíochta agus Bia, nó leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA).

Más mian leat tuairisc a dhéanamh ar mhadra atá ar iarraidh, seol ríomhphost chugainn ina dtugtar sonraí an mhadra (cur síos gairid, agus ba mhór an chabhair é dá bhféadfaí grianghraf de/di a tógadh le déanaí nach mó ná 2 MB a mhéid a cheangail leis), agus é a chur chuig an seoladh ríomhphoist a leanas: vetinfo@mayococo.ie

Is cion é madra a ligint don iomarca tafann a dhéanamh sa chaoi is go gcuireann sé isteach ar aon duine. Breathnú ar an leathanach faoi mhadraí ag tafann chun tuilleadh eolais a fháil faoi.

 

 


An Rannóg Tréidliachta


An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : (094) 902 44 44
R-phost : vetinfo@mayococo.ie
Oscailte:
9:30am-1:00pm agus 2:00pm-5:00pm

  More Mayo County Council and Local Government Websites