Question: Cá bhfaightear ceadúnas madraí?
Answer:
Is féidir ceadúnas madraí a cheannach in Oifigí Poist nó ar líne.
For more information, contact:
Rannóg Tréidliachta
Last updated: 03/09/2010
Question: An mbaineann aon rialacha le ceadúnais madraí?
Answer: Ní mór duit a bheith os cionn 16 bliana d'aois chun ceadúnas madraí a fháil. Tá sé in aghaidh an dlí madraí os cionn 4 mhí d'aois a choinneáil gan cheadúnas. Ní mór duit a bheith in éineacht le do mhadra, agus caithfidh sé a bheith faoi do smacht nó faoi smacht duine stuama éigin eile, nuair nach bhfuil sé sa bhaile agat, ar d'áitreabh, ag baile an té atá freagrach as nó ar an áitreabh seo acusan. Tá cead ag an maor madraí iarradh ort fianaise ar do cheadúnas madraí a thaispeáint, agus mura dtaispeántar é d'fhéadfaí fíneál a chur ort ar an láthair.
For more information, contact:
Rannóg Tréidliachta
Last updated: 03/09/2010