Mayo County Council logo

Déan Iarratas ar Cheadúnas Madraí


Déan Iarratas ar Cheadúnas Madraí


FÓGRA D'ÚINÉIRÍ MADRAÍ

Ba mhian le Comhairle Contae Mhaigh Eo é a chur ar shúile úinéirí madraí gur féidir leo anois ceadúnas madraí a cheannach nó a athnuachan ar líne.  Ní mór seoladh bailí ríomhphoist agus cárta bailí sochair/dochair a bheith agat chun an córas a úsáid.

Téigh chuig an suíomh idirlín:

www.mayococo.ie/ga/Seirbhisi/IocaiochtaiArLine/

Comhairle Contae Mhaigh Eo: Stuamacht á spreagadh in úinéirí madraí.

 

Costas na gCeadúnas

Is é seo a leanas costas na gceadúnas madraí ó 1 Eanáir 2012 i leith:

Ceadúnas madraí: €20.00
Is féidir ceadúnas a cheannach ón údarás áitiúil, ar líne nó in aon oifig poist.

Cosnaíonn Ceadúnas Saoil Madraí (atá bailí ar feadh shaol an mhadra) €140.00.
Is féidir an ceadúnas seo a cheannach ón údarás áitiúil nó ar líne.

Cosnaíonn Ceadúnas Ginearálta (a chlúdaíonn breis is madra amháin) €400.00.
Tá an ceadúnas seo ar fáil ón údarás áitiúil amháin.

Micrishliseanna

Luaigh uimhir mhicrishlise do mhadra san iarratas ar cheadúnas. Is bealach breise iad micrishliseanna chun do mhadra a aithint agus d’fhéadfadh sé cuidiú le do mhadra a fháil ar ais sa chás go rachadh sé ar strae.

  More Mayo County Council and Local Government Websites