Mayo County Council logo

Seirbhísí: Uisce agus Séarachas

Panoramic View of Achill Sound Waste Water Treatment Plant
Ionad Cóireála Séarachais Ghob an Choire

Seirbhís Uisce agus Séarachais


Tá se de rún ag Comhairle Contae Mhaigh Eo a chinntiú i gcónaí le linn na bliana 2012 go ndéanfar uisce óil den chéad scoth a sholáthar agus fuíolluisce den chaighdeán is airde a scaoileadh isteach in ár gcuid uiscebhealaí arís, agus go gcloífear i gcónaí leis na rialacháin chuí.

Críochnaíodh roinnt scéimeanna séarachais sa chontae le linn 2011, agus cuireadh tús le céim feidhmithe de na Scéimeanna Deartha, Tógála agus Feidhmithe (DTF) i nGob an Choire, Caisleán an Bharraigh agus Coillte Mach.

Déanfar infheistíocht sa bhliain 2012 a dhíriú ar Scéim Soláthair Uisce Réigiúnach Loch Measca agus ar chur chun cinn na scéimeanna séarachais Bhéal an Mhuirthead agus Chill Ala tríd an bpróiseas pleanála.

Ní mór breathnú ar na bearta seo i gcomhthéacs bhunú an Bhoird Uisce in 2012.  Beidh impleachtaí móra ag an bhforbairt seo ar obair Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

Caighdeán Uisce

Caighdeán Fuíolluisce

Infheistíocht Bhreise

Liosta Leasúcháin agus Scéimeanna Iniúchta ag an GCC

Tionscadal Caomhnaithe Uisce an Chontae

Bainistiú Acmhainní

Clár Infheistíochta um Sheirbhísí Uisce

Méadrú Uisce / Muirir Uisce

Seirbhís Uisce Tuaithe

Coiste um Beartais Straitéiseacha le haghaidh Soláthar Uisce agus Séarachais

Caighdeán Uisce

Tá sé ríthábhachtach go bhfuil lánmhuinín ag an bpobal i gcoitinne as an uisce óil a sholáthraíonn Comhairle Contae Mhaigh Eo.

Is chuige sin atá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag forbairt córas bainistíochta caighdeán uisce a thógfaidh na gnéithe a leanas ar fad san áireamh: cosaint foinse, bainistiú riosca na soláthairtí, caighdeán uisce a thástáil agus na torthaí a fhoilsiú, agus pleananna bainistíochta teagmhais a fhorbairt dár gcuid soláthairtí ar fad.

Beidh torthaí na dtástálacha ar chaighdeán uisce ar fáil le linn 2012 ar leathanach idirlín na Comhairle faoi Chaighdeán Uisce.

Déanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, chomh maith le saotharlanna príobháideacha údaraithe eile, tástáil ar sholáthairtí uisce ar bhonn neamhspleách do Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Bíonn an córas tástála seo faoi réir ag clár monatóireachta atá faofa ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC).

Bíonn an mhonatóireacht seo á déanamh ar bhonn leanúnach, agus cuirtear béim speisialta ar mhonatóireacht cripteaspóiridiam. Leanfaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo ar aghaidh ag obair i gcomhar leis an GCC agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar na soláthairtí uisce.

Barr

Caighdeán Fuíolluisce

De réir reachtaíochta a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 2007, ní mór do Chomhairle Contae Mhaigh Eo iarratais a dhéanamh chuig an GCC le haghaidh Ceadúnais Diúscartha Fuíolluisce nó Teastais Údaraithe do na hionaid cóireála fuíolluisce uile atá faoina stiúir, agus tá an próiseas seo ag dul ar aghaidh ar bhonn leanúnach.

Is coinníoll de chuid na gceadúnas a eisíodh go dtí seo é go gcuirfear Clár Feasachta agus Cumarsáide Poiblí ar bun, chun é a chur ar shúile an phobail go bhfuil eolas ar cheadúnais ar fáil le scrúdú ag an bpobal. Tá an t-eolas seo ar fáil ag an nasc a leanas: Caighdeán Fuíolluisce

Barr

Ceadúnais Scairdte Fuíolluisce

Is é stádas reatha an phróisis iarratais:

Acmhainn an Ionaid Cóireála Fuíolluisce (coibhéis áitritheora)
Iarratais ar Cheadúnais Scairdte Fuíolluisce leagtha isteach
Líon na gCeadúnas/ dTeastas ceadaithe go dtí seo

 Breis is 10,000

3

 3 Cheadúnas

2,001 go 10,000

10

 3 Cheadúnas

1,001 go 2,000

8

 3 Cheadúnas

500 go 1,000

12

 3 Cheadúnas

Níos lú ná 500

12

 12 Theastas


€616,000 a d’íoc Comhairle Contae Mhaigh leis an GCC i dtáillí iarratais ar 33 ceadúnas agus 12 theastas. Tá iarratas curtha faoi bhráid an GCC ag an gComhairle Contae maidir le lacáiste a fháil ar na táillí seo. Tá páirt-aisíoc tugtha ag an GCC i dtaobh na n-iarratas ar theastais.

Ceadaíodh ceadúnas nua amháin do Chomhairle Contae Mhaigh Eo le linn na bliana seo thart. Íocadh tuairim is €50,000 mar ranníocaíocht bhliantúil don GCC in 2012 i dtaobh mhaoirsiú an 12 cheadúnas a eisíodh go dtí seo.

Tá 12 Theastas Údaraithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo. Níl aon ranníocaíocht ag dul don GCC i dtaobh mhaoirsiú na dTeastas Údaraithe.

Tá iomlán na sonraí maidir le hIarratais ar Cheadúnais nó Teastais Scairdte Fuíolluisce agus faoi na ceadúnais agus teastais a eisíodh cheana féin ar fáil ar shuíomh idirlín an GCC, http://www.epa.ie/.

Barr

Infheistíocht Bhreise

Tá sé socraithe sa Bhuiséad don bhliain 2012 go mbeidh tuilleadh airgid ag dul ar chostais chothabhála do scéimeanna nua nó scéimeanna méadaithe. Is iad seo a leanas na príomh-mhéadaithe atá i gceist:

  • Oibreacha Cóireála Fuíolluisce Chaisleán an Bharraigh
    Tiocfaidh méadú ar chostas feidhmiúcháin Ionad Cóireála Fuíolluisce Chaisleán an Bharraigh don bhliain 2012 toisc go bhfuil an t-ionad ag feidhmiú ina iomláine anois faoin Scéim Deartha, Tógála agus Feidhmithe (DTF), agus tá sé faoi stiúir Veoila Ireland Ltd. anois.
  • Oibreacha Cóireála Fuíolluisce Ghob an Choire agus Choillte Mach
    Tiocfaidh méadú ar chostas feidhmiúcháin Ionaid Cóireála Fuíolluisce Ghob an Choire agus Choillte Mach sa bhliain 2012 toisc go bhfuil na hionaid nua ag feidhmiú ina n-iomláine anois faoin Scéim Deartha, Tógála agus Feidhmithe atá faoi stiúir Response Engineering.

Barr

Liosta Leasúcháin agus Scéimeanna Iniúchta ag an GCC

Mar chuid den ról maoirseachta atá ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhsaoil faoi na Rialacháin um Uisce Óil, 2007, rinne siad iniúchadh ar go leor soláthairtí poiblí uisce i Maigh Eo, agus thug siad treoracha i leith sé cinn acu siúd.  Gliogáil ar an nasc seo chun Tuairiscí Iniúchta a rinneadh le déanaí a léamh.

Rinne an GCC líon na soláthairtí poiblí uisce ar an Liosta Leasúcháin aige a ghiorrú ó 11 go 7 in 2011.

Barr

Tionscadal Caomhnaithe Uisce an Chontae

Cuireadh Céim 1 den tionscadal seo i gcrích in 2007.

Tá Céim 2 le críochnú go luath in 2012, le costas iomlán €6 mhilliún. Tá 180 Limistéar Méadraithe Dúiche (LMD) bunaithe fud fad na scéimeanna soláthair uisce go léir. Déanfar monatóireacht laethúil ar na LMDanna seo agus tá méid suntasach uisce sábhailte againn dá bharr. Tá nasc idir an oifig caomhnaithe agus Muirir Uisce, agus is suntasach an méid atá sábháilte ó thaobh sceitheadh ó chustaiméirí de dá bharr. Tá dianobair déanta ar sceitheadh ar Ghrúpscéimeanna Uisce chomh maith agus tá sé laghdaithe dá bharr.

Cuirfear tús le Céim 3 sa bhliain 2011, ina dtabharfar faoi oibreacha athshlánaithe ar phríomhlíonraí uisce. Críochnaíodh athshlánú ar 5km de phríomhphíobán aníos Fhoirriú i mBéal an Átha ar chostas €1.26 milliún. Tá conradh athshlánaithe do suas le 27km de phríomhlíonra uisce, suite i gceantar Bhéal an Átha den chuid is mó, le tosú in 2012 agus meastar go gcosnóidh sé €6.0 mhilliún. I measc oibrithe athshlánaithe eile a d'fhéadfaí tabhairt fúthu in 2012 tá 3km de phríomhlíonra uisce i mbaile Choillte Mach a chosnóidh €0.65 milliún, agus 9km de phríomhlíonra uisce i Scéim Soláthair Uisce Réigiúnach Loch Measca a chosnóidh tuairim is €2.0 mhilliún.

Barr

Bainistiú Acmhainní

Tuigtear go bhfuil sé ríthábhachtach go bhfeidhmíonn na hionaid cóireála atá againn go seasmhach agus go leanúnach chun seirbhísí riachtanacha uisce agus séarachais a sholáthar. Is dá bhrí sin atá clár cuimsitheach cothabhála coiscthí i bhfeidhm ag Comhairle Contae Mhaigh Eo, chomh maith le hobair riachtanach chothabhála i gcás cliseadh. Uisce & Séarachas: Sonraí Teagmhála Innealltóirí agus Feighlithe

Tá clár cuimsitheach cothabhála coiscthí á chur i bhfeidhm i gcomhar leis an gClós Innealra. Déanfar roinnt gnéithe den chlár seo a sheachfhoinsiú sa bhliain 2012.

Déantar obair chothabhála coiscthí sula gcliseann an t-innealra. Socraítear an obair roimh ré agus déantar go rialta é. Is ann don phróiseas seo ar fad chun líon na gcásanna cliste innealra a íoslaghdú. Tá clár cothabhála de dhíth ar gach Ionad Cóireála Fuíolluisce atá ceadaithe ag an GCC.

Barr

Méadrú Uisce / Muirir Uisce

Tá 11,000 méadar gnó súiteáilte ag Comhairle Contae Mhaigh Eo. Tá méadair uisce ag 97% de chustaiméirí faoi láthair, agus beidh an chuid eile díobh méadraithe de réir a chéile.

Cuireadh oifig ar leith ar bun chun déileáil go sonrach le Muirir Uisce agus le Caomhnú Uisce, agus tá 1,850 bille á bpróiseáil acu in aghaidh na míosa. Bhí an nasc seo idir Muirir Uisce agus caomhnú uisce an-éifeachtach i sceitheadh ó chustaiméirí a laghdú.

Tá aird ar leith á dhíriú anois ar Ghrúpscéimeanna uisce a fhaigheann a gcuid uisce ó sholáthairtí poiblí uisce, agus tá dul chun cinn á dhéanamh ansin de réir mar a spreagtar scéimeanna monatóireacht a dhéanamh ar méid an uisce a úsáideann siad.

Tig le custaiméirí a gcuid Muirear Uisce a íoc in aon oifig de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo, nó é a íoc ar líne, áit ar féidir leo súil a choinneáil ar an méid uisce a bhíonn á úsáid acu chomh maith. Tá an tseirbhís seo ar fáil ag an nasc a leanas: Uisce & Muirir

Barr

Coiste um Beartais Straitéiseacha maidir le Soláthar Uisce agus Séarachas.

Seo a leanas baill an Choiste um Beartais Straitéiseacha maidir le Soláthar Uisce agus Séarachas:

  • Clr. Eugene Lavin, (Cathaoirleach)
  • Clr. Tom Connolly
  • Clr. Austin Francis O' Malley
  • Clr. John O'Malley
  • Clr. Johnnie O'Malley (Comhairle Baile Bhéal an Átha)
  • Clr. Blackie Gavin
  • Clr. Rose Conway Walsh
  • An tUas. James O'Malley, Fóram Pobail Contae Mhaigh Eo
  • An tUas. Brendan O'Mahony, IFA
  • Ms. Lucy Weir Bingham, Ionadaí an Cholúin Chomhshaoil
  • An tUas. Ray Gilboy, Ionadaí an Cholúin Ghnó

Tionóladh ceithre chruinniú den CBS maidir le Soláthar Uisce agus Séarachais le linn 2011, faoi stiúir an Uas. Paddy Mahon. Bhí na cruinnithe ar siúl ar 7 Feabhra, 6 Bealtaine, 9 Meán Fómhair agus 2 Nollaig.

Phléigh an coiste, agus déileáil siad, leis na nithe a leanas i measc rudaí eile:

  • Clár Infheistíochta na Seirbhísí Uisce, 2010-2012
  • Córas nua monatóireachta d'umair sheipteacha bunaithe ar iniúchtaí
  • Plean Tuairiscithe Teagmhais maidir le hUisce Óil
  • Plean Bainistíochta Abhantrach an Iarthair

‌  Water Supply & Sewerage Strategic Policy Committee

Thug an coiste cuairt freisin ar Scoil Náisiúnta Cheathrú Chalaidh i gCathair na Mart leis an gcóras bailithe báistí a fheidhmíonn faoi thionchar domantarraingthe a fheiceáil. Seo an chéad chóras dá chineál in aon Scoil Náisiúnta in Éirinn.

Barr

 


Seirbhísí Uisce


An Dara hUrlár
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teil: (094) 902 44 44
R-phost : R-phost: waterservices@mayococo.ie
Oscailte:
Uaireanta Oscailte: 9:00am-1:00pm, 2:00pm-5:00pm


National Development Plan logo.   Flag of the European Union.

  More Mayo County Council and Local Government Websites