Tomhais


Luachanna na bParaiméadar


Léirítear sa tábla thíos na paraiméadair shonracha mhicribhitheolaíochta, chemiceacha, agus tháscaire a dhéanann Comhairle Contae Mhaigh Eo monatóireacht orthu. Tá luach gach paraiméadair de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Uisce Óil) (Uimh. 2), 2007, liostáilte chomh maith. Fuarthas an t-eolas seo ar fad ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), ach amháin nuair atá a mhalairt tugtha le fios.

Paraiméadar

Luach an Pharaiméadair

Aonad

Tráchtaí

Nótaí

Escherichia coli (E. coli)

0

Líon/100ml

Faightear go leor baictéar e.coli i bhfaecais daoine agus i bhfaecais ainmhithe araon, agus is annamh a fhaightear é ceal truailliú faecach de shagas éigin. Más ann do na baictéir seo in uisce óil tugann sé le fios go bhfuil foinse an uisce truaillithe nó nach bhfuil an ionad cóireála ag feidhmiú mar is cóir.

Paraiméadar Micribhitheolaíochta

Enterococci

0

Líon/100ml

Tagann enterococci ó fhaecais daoine nó ainmhithe, agus má fhaightear in uisce é tugann sé le fios go bhfuil an t-uisce sin truaillithe le faecais.

Paraiméadar Micribhitheolaíochta

Luaidhe

10

mg/l

Tagann luaidhe san uisce ó luaidhe i bpíopaí luaidhe uisce nó i sádar a thuaslagann de réir a chéile. Braitheann méid na luaidhe san uisce ar chúpla factóir éagsúil, ina measc tá PH, teocht, cruas uisce agus an fad is a bhíonn an uisce socair. Dá bhrí sin, bíonn an modh tástála luaidhe fíorthábhachtach, agus d’fhéadfaí torthaí iomlán difriúla a fháil dá n-úsáidfí córas tástála eile.  Substaint ghinearálta thocsaineach a charnann sna cnámha is ea luaidhe de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS, 2004). Is iad naíonáin, páistí faoi bhun sé bliana d’aois, agus mná torracha, na daoine is so-ghabhálaí i leith an tinnis a ghabhann leis. Tá se nimhiúil don néarchóras lárnach agus imeallach araon.

Nótaí 3 agus 4; Paraiméadar Cemiceach

Níotráit

50

mg/l

Tagann níotráit sa chomhshaol ó fhoinsí orgánacha agus neamhorgánacha den chuid is mó, foinsí ar nós scaoileadh dramhaíola, sciodar ainmhithe, agus leasachán saorga. D’fhéadfadh an siondróm “blue baby” (methaemaglobinemia) a bheith mar thoradh ar bharraíocht níotráit a bheith in uisce óil. Tiontaíonn an níotráit isteach ina nítrít agus imoibríonn sé seo le haemaglóibin san fhuil. Laghdaíonn sé seo cumas na fola ocsaigín a iompar.

Nóta 5; Paraiméadar Ceimiceach

Tríhalaimeatáin – iomlán

100*

mg/l

Tá tríhalaimeatáin (THManna) díortha den chomhdhúil orgánach is simplí dá bhfuil ann – meatán, CH4 ach glacann adaimh halaigine áit trí cinn de na hadaimh hidrigine.  Is iad fluairín (F2), clóirín (Cl2), bróimín (Br2) agus iadín (I2) na príomh-halaiginí, agus cé go bhfuil an iliomad teaglaim a d’fhéadfadh a dhéanamh astu, ní bhaineann an téarma tríhalaimeatáin ach le ceithre chomhdhúil sonracha arb iad clóirín agus/nó bróimín amháin na heilimintí halaigine.  Is iad clóraform (CHCl3), brómaidhéchlóraimeatán (CHBrCl2), débhrómaclóraimeatán (CHBr2Cl) agus brómaform (CHBr3) na ceithre comhdhúil sin.

Níl aon amhras gurb é clóirín (nó comhdhúile cuí de) an ceimiceán is tábhachtaí a úsáidtear sa phróiseas cóireála uisce in Éirinn sa lá atá inniu ann, mar a bhí sé le blianta fada anuas chomh maith. Cé gur gás fíornimhiúil é agus é fíorghlan, agus gur gníomhaí cumhachtach ocsaidiúcháin é, is gníomhaí dhífhabhtaithe uisce fíoréifeachtach é nuair úsáidtear i bhfoirm thuaslagáin chaoil. Tá sé an-éifeachtacht i scriosadh na mbaictéar a eascraíonn as faecas daoine nó ainmhithe agus a bhfuil ina gcúis le truailliú contúirteach uisce óil.

De bharr a chumhachta mar ghníomhaí ocsaidiúcháin, briseann clóirín síos na móilíní casta támha orgánacha a chuireann dath san uisce, agus cruthaítear aonáin imoibríocha níos lú ina n-áit. Imoibríonn an haonáin seo leis an gclóirín (agus leis an mbróimín a dhírítear ón mbróimíd nádúrtha a bhí oscaídithe ag an gclóirín) agus cruthaíthear comhdhúile THM.  Is é clóraform (CHCl3) an comhdhúil is coitianta díobh. Dá bhrí sin, tá gaol measartha soiléir idir méid an datha san uisce roimh chlóiríniú agus líon na THManna ann ina dhiaidh. Má bhíonn dath san uisce atá le clóiríniú, is mó an seans go gcruthófar THManna.

Tá dhá chúis ann nach bhfuiltear ag súil go mbeidh comhdhúile THM in uisce óil. Ar an gcéad dul síos, d'fhéadfadh na comhdhúile féin dochar a dhéanamh do shláinte an duine má bhíonn an iomarca acu ann, mar cheaptar gur carcanaigin é clóraform. Ina theannta sin, má fhaightear THManna san uisce d’fhéadfadh  rian d’fhotháirgí orgánacha eile den phróiseas clóirínithe a bheith ann freisin. Maidir le bainistiú tríhalaimeatáin, molann an EDS gur chóir: “…córas ilchéimeach a chur i bhfeidhm chun líon na réamhtheachtaithe orgánacha tríhalaimeatáin a laghdú, agus a chinntiú i gcónaí, thar aon ní eile, nach gcuirtear an próiseas dífhabhtaithe i gcontúirt.” (Aistrithe ón mBéarla)D'fhéadfadh na comhdhúile féin dochar a dhéanamh do shláinte an duine má bhíonn an iomarca acu ann, mar cheaptar gur carcanaigin é clóraform. Ina theannta sin, má fhaightear THManna san uisce d’fhéadfadh rian d’fhotháirgí orgánacha eile den phróiseas clóirínithe a bheith ann freisin. Maidir le bainistiú tríhalaimeatáin, molann an EDS gur chóir: “…córas ilchéimeach a chur i bhfeidhm chun líon na réamhtheachtaithe orgánacha tríhalaimeatáin a laghdú, agus a chinntiú i gcónaí, thar aon ní eile, nach gcuirtear an próiseas dífhabhtaithe i gcontúirt.” (Aistrithe ón mBéarla).

Nóta 10; Paraiméadar Ceimiceach

Alúmanam

200

mg/l

Faightear alúmanam san uisce de bharr sulfáit alúmanaim (téachtach) a bheith in úsáid mar chuid den phróiseas cóireála uisce.  D'fhéadfadh sé a bheith ann go nádúrtha i roinnt cásanna áfach. Bhí an tuairim ann le fada go bhféadfadh gaol a bheith idir alúmanam in uisce óil agus galar Alzheimer. Tá an méid seo tugtha le fios ag an EDS áfach:

Ar an iomlán, ní féidir a mhaíomh go cinnte nach bhfuil aon bhunús leis an hipitéis a cuireadh chun cinn i roinnt staidéar eipidéimeolaíochta go raibh gaol deimhneach idir alúmanam in uisce óil agus galar Alzheimer. Ní mór a bheith drogallach, áfach, gaol cúisíoch a chur in iúl de bharr gur theip ar na staidéir seo fachtóirí mearbhlaithe a léiríodh a thógáil san áireamh, ná ceist an méid alúmanaim a fhaightear ó fhoinsí eile a phlé”. (Aistriúchán ón mBéarla)

Paraiméadar Táscaire

Moirtiúlacht

Inghlactha do thomhaltóirí agus gan athrú neamhghnách

 

Is é bainistiú moirtiúlachta ceann de na tomhais a léiríonn éifeacht an chórais chóireála. Má bhíonn an leibhéal moirtiúlachta ardaithe, tugann sé le fios nach bhfuil an próiseas cóireála ag feidhmiú mar is cóir. Tugann sé leid chomh maith ar chumas an ionaid chóireála cisteanna miocróbacha (oocysts) cripteaspóiridiam a bhaint. Is é luach an pharaiméadair maidir le moirtiúlacht (ag an sconna) go gcaithfidh sé a bheith "sásúil do chustaiméirí [agus gan] aon athrú mínádúrtha" (aistriúchán ón mBéarla), ach is é 1.0 NTU luach an pharaiméadair sin agus an t-uisce ag fágáil an ionaid chóireála. Ní mór a rá, áfach, gurb ann don luach seo chun inghlacthacht amhairc a bhaint amach. Go praiticiúil, ní mór don leibhéal moirtiúlachta a bheith i bhfad níos ísle ná seo - faoi bhun 0.1 NTU - chun cosaint in aghaidh cripteaspóiridiam san ionad cóireála.

Nóta 16; Paraiméadar Táscaire

Cripteaspóiridiam

 n/b

n/b

Seadán prótsaónach is ea cripteaspóiridiam, agus is é is cúis le galar buinní i ndaoine ar a nglaotar cripteaspóiriodóis. D’fhéadfadh an paraisít seo maireachtáil i ndaoine agus in ainmhithe araon, agus is iomaí bealach a scaiptear é. Meastar go bhfuil uisce óil ar an modh scaipthe is mó dá bhfuil ann, ach d’fhéadfaí é a scaipeadh trí linnte snámha, trí theagmháil le hainmhithe feirme, trí bhia, agus trí theagmháil le daoine eile chomh maith. Is cúis mhór bhuartha é ó thaobh sláinte phoiblí gur beag éifeacht a bhíonn ag clóiríniú ina choinne. Is iad C. parvum agus C. hominis an dá speiceas is mó a bhíonn ina gcúis le hionfhabhtú daoine, ach bhí baint ag spéisis eile leis i roinnt bheag cásanna. Is iad daoine a chothaíonn C.hominis go príomha, agus maireann C. parvum i ndaoine agus in ainmhithe (i laonna agus uain go háirithe) araon. Dá bhrí sin, má aithnítear an speiceas atá ina chúis le hionfhabhtú, is féidir foinse dhóchúil cásanna aonair a aithint chomh maith.

Ní leagtar aon caighdeán síos sna Rialacháin um Uisce Óil maidir le Cripteaspóiridiam. Nuair a fhaightear Cripteaspóiridiam in uisce ba cheart don údarás áitiúil dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun aon bhaol, má bhíonn baol ar bith ann, do shláinte daoine a mheas.

(Foinse: EPA, 2009. The Provision and Quality of Drinking Water in Ireland - A Report for the Years 2007-2009. Aistrithe go Gaeilge.)

Déantar monatóireacht ar na soláthair uisce phoiblí i Maigh Eo de réir mhéid an riosca a mheastar a ghabhann leo.  Déantar na soláthair mhóra a thástáil níos minice ná na soláthair bheaga.

Níl Cripteaspóiridiam aitheanta ag Comhairle Contae Mhaigh Eo in aon soláthar uisce a rinneadh tástáil air go dtí seo.

 

* suim na dtiús de chomhdhúile sainithe

Nóta 3: Baineann an luach le sampla uisce a bhí le hól ag daoine a fuarthas ón sconna trí mhodh cuí samplála.  Leis an gcur chuige seo, faightear léargas maith ar an luach a ionghabhann daoine ar an meán in aghaidh na seachtaine, agus tugann sé san áireamh na buaicleibhéil a bhíonn ann a d’fhéadfadh sláinte daoine a chur i mbaol.

Déantar monatóireacht ar pharaiméadar na luaidhe de réir mar a chinneann an Aire ó am go chéile.

Nóta 4: Maidir leis an uisce ar tagraíodh dó sna fo-airteagail 6 (a), (b), agus (c), is é 25µg/l luach an pharaiméadair sin a gcaithfear cloí leis faoin 1 Eanáir 2004. Ní mór é sin a laghdú arís go 10µg/l faoin 25 Nollaig 2013.

Cuirfear gach beart is cuí i bhfeidhm le linn na tréimhse ama a theastaíonn chun méid na luaidhe in uisce óil do dhaoine a laghdú a fhad agus is féidir agus chun cloí le luach an pharaiméadair.

Agus na bearta seo á gcur i bhfeidhm, díreofar i gcónaí ar na soláthair uisce óil sin is mó luaidhe atá iontu, ionas go gcloífidh siadsan ar dtús leis an luach a leagadh síos.

Nóta 5: I  measc na gcoinníollacha a chaithfear a shásamh chun bheith comhlíontach, ní mor [níotráit]/50 + [níotráit]/3 < 1, nuair a sheasann na lúibíní cearnóga do na comhdhúile do níotráit (NO3) agus níotráit (NO2) in mg/l, agus luach 0.10mg/l a bheith ar nítrít lasmuigh d'oibreacha cóireála.

Nóta 10: Is iad seo a leanas na comhdhúile sainithe: clóraform, brómaform, débhrómaclóraimeatán, agus brómaidhéchlóraimeatán.

Maidir leis an uisce ar tagraíodh dó sna fo-airteagail 6 (a), (b), agus (c), is é 150µg/l luach an pharaiméadair sin a gcaithfear cloí leis faoin 1 Eanáir 2004. Ní mór é sin a laghdú arís go 100µg/l faoin 25 Nollaig 2008.

Cuirfear gach beart is cuí i bhfeidhm le linn na tréimhse ama a theastaíonn chun méid na THManna in uisce óil do dhaoine a laghdú a fhad agus is féidir agus chun cloí le luach an pharaiméadair.

Agus na bearta chuig an sprioc seo á gcur i bhfeidhm, ní mór tús áite a thabhairt do na soláthair uisce óil is mó THManna iontu.

Nóta 16: Maidir le cóiriú uisce dromchla, ní mór dó a bheith mar chuspóir i gcónaí luach nach mó na 1.0 NTU (nephelometric turbidity units) a bhaint amach, cé is moite d'oibreacha cóireála.

 

Foinse: EPA, 2009. The Provision and Quality of Drinking Water in Ireland - A Report for the Years 2007-2009. Aistrithe go Gaeilge.)

 


Eolas ar Chaighdeán Uisce


An tAonad um Chaighdeán Uisce
An Rannóg Comhshaoil
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Teileafón : Fón: 094 902 4444
R-phost : drinkingwater@mayococo.ie
9:00 r.n. - 5:00 i.n. ó Luan go hAoine (dúnta 1:00 - 2:00 i.n.)