Caighdeán Uisce Snámha
Aighneachtaí á Lorg
RANNPHÁIRTÍOCHT AN PHOBAIL MAIDIR LE ‘hUISCE’ SNÁMHA A AITHINT FAOIN TREOIR UM UISCE SNÁMHA 2006/7 CE AN 15 FEABHRA 2006 AGUS NA RIALACHÁIN UM CHÁILÍOCHT UISCE SNÁMHA I.R.79 DE 2008
Tá iomlán an 34 comhairle contae agus cathrach ag lorg aiseolais ón bpobal maidir le hUisce Snámha a aithint faoin Treoir um Uisce Snámha agus na Rialacháin um Cháilíocht Uisce Snámha, 2008 (I.R. Uimh. 79 de 2008).
De réir na Treorach, ní mór don cháilíocht uisce sna huiscí snámha ar fad atá ainmnithe cloígh le caighdeáin dhochta mhicribhitheolaíochta, chun sláinte na ndaoine ar mhian leo snámh ansin a chosaint. Tá sé de dhualgas ar na comhairlí cathrach agus contae, faoi Rialacháin 2008, uiscí snámha a aithint ar bhonn bliantúil.
Tabharfaidh an próiseas comhairliúcháin seo deis don phobal:
- trácht a dhéanamh ar uiscí snámha atá ainmnithe cheana féin d’fhonn iad a bheith ainmnithe amach anseo,
- trácht a dhéanamh ar uiscí snámha nach bhfuil ainmnithe faoi láthair ach a d’fhéadfaí cuimhneamh orthu i gcomhair ainmneacháin amach anseo.
Ta tuilleadh eolais ar fáil sna cáipéisí a leanas a bhaineann le hábhar - Leagan Word - Leagan PDF
Táthar ag lorg aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara, ach é a chur sa ríomhphost chuig bathingwater@mayococo.ie.
Is é 15 Meán Fómhair 2011 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí do do chomhairle cathrach nó comhairle contae.
Más mian leat trácht a dhéanamh ar uiscí snámha lasmuigh de Chontae Mhaigh Eo, tá eolas teagmhála d’iomlán an 34 comhairle contae agus cathrach ar fáil anseo.
