Tá sé fíorthábhachtach agus muid ag cinntiú go bhfuil ár gcuid seirbhísí ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas go bhforbraítear agus go gcothaítear nós comhairliúcháin le forais chuí, agus is chuige seo a cuireadh an Fóram um Míchumas ar bun. Beart comhairliúcháin is ea seo a thugann deis d’eagraíochtaí míchumais cláraithe bualadh le agus comhairle a chur ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo faoi scáth Pobal agus Fiontraíocht (nasc seachtrach). Chun barr feabhais a chur ar an mbeart comhairliúcháin seo eagraíodh cruinnithe oifigiúla idir an Coiste um Rochtain do Chách agus an Fóram um Míchumas.
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn ceist ar bith agat faoi chúrsaí inrochtaine a bhaineann le Comhairle Contae Mhaigh Eo.
Teileafón : 094 90 24444
R-phost : accessforall@mayococo.ie
9r.n.-1i.n. agus 2i.n.-5i.n. ó Luan go hAoine