Seo a leanas an modh imeachta maidir le gearán a dhéanamh sa chás gur theip ar Údaráis Áitiúla Mhaigh Eo cloí le forálacha an Achta um Míchumas, 2005. Tá cóip den nós imeachta seo ar fáil ón Rannóg um Ghnóthaí Corparáideacha, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Áras an Chontae, an Meal, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Tá an nós imeachta chun gearán a dhéanamh ar fáil anseo chomh maith.
Is í Fiona Campbell, an Rannóg um Ghnóthaí Corparáideacha (Teil: 094 9047307), atá ceaptha ina hOifigeach Fiosrúcháin chun aon ghearáin a dhéantar faoin Acht um Míchumas a fhiosrú.
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn ceist ar bith agat faoi chúrsaí inrochtaine a bhaineann le Comhairle Contae Mhaigh Eo.
Teileafón : 094 90 24444
R-phost : accessforall@mayococo.ie
9r.n.-1i.n. agus 2i.n.-5i.n. ó Luan go hAoine