Déanann obair Údaráis Áitiúla Chontae Mhaigh Eo comhdheiseanna do dhaoine atá faoi mhíchumas a spreagadh agus a chur chun cinn ar bhonn gníomhach, rud a ligeann dóibh páirt a ghlacadh i saol eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha ár bpobal.
De thoradh na hoibre seo bronnadh gradaim O2 ar Údaráis Áitiúla Mhaigh Eo in 2005 agus 2006.
Bhuaigh Údaráis Áitiúla Mhaigh Eo cúig mhórghradam sa bhliain 2007:
Bronnadh Gradam Feabhas trí Inrochtaineacht de chuid an NDA ar Oifigí Cathartha Bhéal an Mhuirthead in 2008.
Clár ba ea Gradaim Cumais O2 a thug aitheantas d’fhostóirí a sholáthar áiteanna inrochtana oibre d’fhostaithe a bhfuil laigí fisiceacha agus/nó intinne ag dul dóibh. Thug an gradam aitheantas d’eagraíochtaí a chuir sé ar chumas daoine ar gach leibhéal cumais dul ag obair agus dul chun cinn a dhéanamh laistigh den eagraíocht sin tríd an timpeallacht fhisiceach agus na polasaithe acu.
Bhain Comhairle Contae Mhaigh eo amach an Gradam Cumais foriomlán in 2007 agus gradaim in 2005 agus 2006.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar na gradaim, breathnaigh ar an suíomh idirlín acu:
www.theabilityawards.com (opens new window).

Bhuaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo Gradam Foriomlán Cumais O2 don earnáil phoiblí. Léigh an scéal iomlán ar shuíomh idirlín O2 (nasc seachtrach, osclaítear fuinneog nua).
Bhuaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo Gradaim O2 in 2005 agus 2006 (grianghraif thíos).
|
Gradam Cumais O2, 2005 |
Gradam Cumais O2, 2006 |
Tá sé de rún ag Feabhas trí Inrochtaineacht – scéim dámhachtainí an Údaráis Náisiúnta Míchumais (NDA) – fócas soiléir agus tiomantas do fheabhas leanúnach a chur ar inrochtaineacht seirbhísí poiblí ag gach leibhéal a aithint agus a chur chun cinn. Chuige seo, spreagann an gradam seo forbairt beartais agus caidrimh lena chinntiú go bhfuil an méid a bhaintear amach ó thaobh inrochtaineachta de inmharthana agus chun tairbhe custaiméirí.
Bhain Comhairle Contae Mhaigh Eo trí Ghradam Feabhas trí Inrochtaineacht sa bhliain 2007 de bharr “Chaighdeán” na bhfoirgneamh a leanas:
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na gradaim, agus chun físeáin de na buaiteoirí a fheiceáil, téigh chuig suíomh idirlín an NDA (nasc seachtrach, osclaítear fuinneog nua).
Bhuaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo Gradam Ríomhsheirbhísí Rialtais (E-Government) sa bhliain 2007 de bharr inrochtaineacht Mayococo.ie.