Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo suite ar shuíomh inrochtana gréCairt Chúram Chustaiméirí & Nós Imeachta do Ghearáasáin a chur ar fáil. Tá an tiomantas seo leagtha amach sa Chairt um Chúram Custaiméirí de chuid Údaráis Áitiúla Mhaigh Eo. Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ina sínitheoir de Dhearbhú Barcelona agus tá sí clúdaithe ag an Acht um Míchumais, 2005.
I dtreo is go gcloífear leis na caighdeáin seo, tá Comhairle Contae Mhaigh Eo suite ar acmhainní na Comhairle atá ar líne a chur ar fáil ar an gcaoi is éasca teacht orthu agus is féidir. Bímid ag obair linn i gcónaí chun barr feabhais a chur ar inrochtaineacht ár suímh idirlín.
Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo suite ar stádas “A Dúbailte” a bhaint amach don suíomh idirlín seo de réir Threoirlínte Inrochtaineachta Ábhair ar an Idirlíon (WCAG) 1.0 de chuid Fheadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (W3C). Dá bhrí seo, déanfaidh gach leathanach ar an suíomh na príomhsheicphointí uile i gcatagóirí 1 agus 2 de WCAG 1.0 a chomhlíonadh chun teacht le Cód Cleachtais an Údaráis Náisiúnta Míchumais maidir le Rochtaineacht ar Sheirbhísí agus Faisnéis Phoiblí curtha ar fáil ag Comhlachtaí Poiblí. Tá buneolas ar na polasaithe agus ar an reachtaíocht a bhaineann le Dearadh Uilíoch in Éirinn ag an Lárionad Sármhaitheasa i nDearadh Uilíoch de chuid an Údaráis Náisiúnta Míchumais.
Geallann Comhairle Contae Mhaigh Eo go mbainfear aon ábhar úr a chuirtear leis an suíomh gréasán “Leibhéal AA” amach de réir Threoirlínte Inrochtaineachta Ábhair ar an Idirlíon (WCAG) 2.0 de chuid Fheadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (W3C).
Geallann Comhairle Contae Mhaigh Eo go mbeidh inrochtaineacht mar chuid d’aon iarratais a dhéantar ar tríú páirtithe maidir le soláthar córais nó uasghrádú ar chórais atá ann faoi láthair.
Breathnaigh ar na hoibreacha ar inrochtaineacht atá beartaithe do 2010.
Comhlíonann formhór dár suíomh gréasáin seicphointí “Leibhéal AA” de WCAG 2.0, agus comhlíonann sé go leor de sheicphointí “Leibhéal AAA” de WCAG 1.0. Rinneadh an t-iniúchadh is déanaí ar inrochtaineacht an tsuímh seo sa cheathrú ráithe de 2009, agus leasaíodh na deacrachtaí a tógadh chun solais ansin sa chéad ráithe de 2010. Déanaimid iniúchtaí inmheánacha níos neamhfhoirmeálta ná sin uair sa bhliain ar a laghad.
Tuigimid go bhfuil gnéithe áirithe den suíomh gréasáin le feabhsú ó thaobh inrochtaineachta de. Táimid i mbun oibre air seo faoi láthair chun é sin a chur i gcrích. Tá súil againn go mbainfidh an suíomh gréasáin seo Leibhéal “A Dúbailte” amach de réir Threoirlínte Inrochtaineachta Ábhair ar an Idirlíon (WCAG) 1.0 de chuid Fheadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (W3C) faoi dheireadh an cheathrú ráithe 2010.
|
Gnéithe le feabhsú, clár ama, agus rochtain mhalartach. |
|||
|
Cuid den suíomh gréasáin |
Gné le feabhsú |
Spriocdháta lena fheabhsú |
Rochtain mhalartach |
|
Físeáin ar líne |
Níl fotheidil agus/nó tras-scríbhinní ar fáil do na físeáin uile. |
Tá an obair seo idir lámha. Tá sé i gceist againn fotheidil agus/nó tras-scríbhinní a chur ar fáil do na físeáin uile faoi dheireadh 2010. |
Má theastaíonn tras-scríbhinn nó fotheidil d’fhíseán uait, cuir fios ar Oifigeach Rochtana Chomhairle Contae Mhaigh Eo ar 094 902 4444 nó cuir ríomhphost chuig accessforall@mayococo.ie. |
|
Córas eAgenda |
D’ainneon an córas atá againn ar líne do chruinnithe agus cláir oibre (eAgenda) a bheith inrochtana, úsáideann sé cáipéisí i bhformáidí nach bhfuil inrochtana (cáipéisí Word agus PDF nach bhfuil i bhformáidí inrochtana mar shampla). |
Cuirfear teimpléid inrochtana Word ar fáil d'fhoireann Chomhairle Contae Mhaigh Eo roimh dheireadh na bliana 2010 nó go luath in 2011. Tá sé de rún againn go n-úsáidfear na teimpléid seo chun leaganacha inrochtana HTML a chruthú d’fhormhór na gcáipéisí a úsáidtear sa chóras. Ní bheidh na cáipéisí uile ar fáil i bhfoirm inrochtana áfach, de bharr cáipéisí a bheith á dtiomsú ó fhoinsí nach bhfuil faoi smacht Chomhairle Contae Mhaigh Eo. |
Má tá deacrachtaí agat eAgenda a úsáid, cuir fios ar Oifigeach Rochtana Chomhairle Contae Mhaigh Eo ar 094 902 4444 nó cuir ríomhphost chuig accessforall@mayococo.ie. |
|
Doiciméid agus Foirmeacha |
|
Cuirfear teimpléid inrochtana Word ar fáil d'fhoireann Chomhairle Contae Mhaigh Eo roimh dheireadh na bliana 2010 nó go luath in 2011. Tá sé de rún againn go n-úsáidfear na teimpléid seo chun leaganacha inrochtana HTML a chruthú d’fhormhór na gcáipéisí a úsáidtear sa chóras. Ní bheidh na cáipéisí uile ar fáil i bhfoirm inrochtana áfach, de bharr cáipéisí a bheith á dtiomsú ó fhoinsí nach bhfuil faoi smacht Chomhairle Contae Mhaigh Eo. |
Má tá leagan inrochtana d’aon cháipéis nó foirm atá ar an suíomh gréasáin seo de dhíth ort, cuir fios ar Oifigeach Rochtana Chomhairle Contae Mhaigh Eo nó cuir ríomhphost chuig accessforall@mayococo.ie. |
|
Cáipéisí Pleanála |
Cáipéisí pleanála a ghabhann le hiarratais. I bhformhór na gcásanna is cóipeanna scanta de na buncháipéisí atá anseo agus iad curtha ar fáil i bhfoirm íomhánna. |
Faraor, ní féidir linn na doiciméid seo a chur ar fáil i bhformáid inrochtana, agus i gcásanna áirithe bheadh sé dodhéanta a dhéanamh (i gcás léaráidí, léarscáileanna srl.) |
Má theastaíonn cúnamh uait le hIarratas Pleanála ar leith, déan teagmháil leis an Rannóg Pleanála. |
|
Eolas léarscáil-bhunaithe |
Níl eolas bunaithe ar léarscáileanna ar fáil d'iomlán ár gcuid custaiméirí. |
Is srianadh nádúrtha de léarscáileanna é seo. |
Tá an t-eolas ar fad atá léirithe ar léarscáileanna ar fáil i bhfoirm téacs chomh maith. Bain úsáid as ár gcuardach téacsbhunaithe i gcomhair eolas pleanála, nó déan teagmháil leis an Rannóg Pleanála. |
|
Córas Féinseirbhíse Réamhphleanála (SSPS) |
Níl an Córas Féinseirbhíse Réamhphleanála atá léarscáilbhunaithe ar fáil do chách. Soláthraíonn an córas seo tuairisc ar shuíomh ar leith bunaithe ar Phlean Forbartha an Chontae agus Pleananna Ceantair Áitiúil. |
Is srianadh nádúrtha de léarscáileanna é seo. |
Tá an t-eolas uile atá ar fáil via SPSS ar fáil i Rannóg Pleanála an tsuímh ghréasáin chomh maith. |
|
Paimfléid Náisiúnta, Reachtaíocht srl. |
Ní bhíonn paimfléid, foirmeacha (cé is moite d’fhoirmeacha iarratais ar dheontais ardoideachais), reachtaíocht agus cáipéisí nó faisnéis eile curtha ar fáil ag rannóga an rialtais inrochtana i gcónaí. |
Cuireann comhlachtaí seachtracha nach bhfuil faoi smacht Chomhairle Contae Mhaigh Eo na tuarascálacha seo ar fáil de ghnáth. De bharr nádúr fhormhór na nithe seo, níl sé praiticiúil iad ar fad a chur ar fáil i bhfoirm inrochtana. |
Déan teagmháil leis an roinn chuí de chuid an rialtais i gcomhair tuilleadh cúnaimh. De ghnáth is í an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúla atá i gceist. |
|
Tuarascálacha Teicniúla |
Tuarascálacha teicniúla, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le Píblíne Gháis na Coiribe agus le Pleananna éagsúla Forbartha agus Pleananna Ceantair Áitiúil. |
Cuireann comhlachtaí seachtracha nach bhfuil faoi smacht Chomhairle Contae Mhaigh Eo na tuarascálacha seo ar fáil de ghnáth. De bharr nádúr fhormhór na nithe seo, níl sé praiticiúil iad ar fad a chur ar fáil i bhfoirm inrochtana. |
Má tá leagan inrochtana d’aon cháipéis nó foirm atá ar an suíomh gréasáin seo de dhíth ort, cuir fios ar Oifigeach Rochtana Chomhairle Contae Mhaigh Eo nó cuir ríomhphost chuig AccessForAll@mayococo.ie. |
|
Marcáil Neamhbhailí |
Roinnt leathanach a bhfuil XHTML neamhbhailí ann. |
Déanaimid iniúchadh ar an suíomh gréasáin go neamhfhoirmiúil uair sa bhliain ar a laghad, agus go foirmiúil gach 12-18 mí. Réiteoimid aon fhadhbanna a aimsímid le linn na n-iniúchtaí seo. |
Má tá leathanach ar leith ann nach féidir leat a úsáid de bharr marcáil neamhbhailí, cuir ríomhphost chuig an stiúrthóir gréasáin ina thaobh. |
|
Fearainn Mheiteashonraí |
Fearainn riachtanacha mheiteashonraí ar lár (m.sh. teanga, cur síos agus eochairfhocail) |
Déanaimid iniúchadh ar an suíomh gréasáin go neamhfhoirmiúil uair sa bhliain ar a laghad, agus go foirmiúil gach 12-18 mí. Réiteoimid aon fhadhbanna a aimsímid le linn na n-iniúchtaí seo. |
Má tá leathanach ar leith ann nach féidir leat a úsáid de bharr meitimhír a bheith ar lár, cuir ríomhphost chuig an stiúrthóir gréasáin ina thaobh. |
|
Nuacht agus Cáipéisí roimh 2007 |
Níl cuid de na seancháipéisí agus nuacht ar fáil i bhformáid inrochtana. |
De bharr nádúr agus aois roinnt de na nithe seo, níl sé praiticiúil iad ar fad a chur ar fáil i bhfoirm inrochtana. |
Má tá leathanach ar leith ann nach féidir leat a úsáid de bharr a fhormáide, cuir ríomhphost chuig an stiúrthóir gréasáin ina thaobh. |
Breathnaigh ar na hoibreacha ar inrochtaineacht atá beartaithe do 2010.
Baintear úsáid as teicneolaíocht W3C (Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda) ar an suíomh idirlín a fhad agus is féidir. Tá roinnt cáipéisí áfach atá i bhFormáid Doiciméad Iniompartha (PDF) agus/nó i bhfoirm Microsoft Word i gcónaí.
Cé go bhfuil iarracht déanta againn leaganacha malartacha inrochtana de na cáipeisí seo a chur ar fáil, d’fhéadfadh sé go bhfuil roinnt doiciméad ar an suíomh atá ar fáil sna formáidí seo amháin, ar mhór bogearra Adobe Acrobat Reader a íoslódáil agus a shúiteáil lena léamh. Mura bhfuil tú in ann teacht ar eolas atá i bhformáid PDF nó Word, seol ríomhphost chuig webmaster@mayococo.ie nó cuir glaoch orainn ar (094) 90 24444.
Is féidir cáipéisí de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo a sholáthar duit in aon cheann de na formáidí a leanas laistigh de choicís:
Tá ateangairí le teanga chomharthaíochta ar fáil chomh maith chun freastal ar chruinnithe, ach fógra réasúnta a thabhairt roimh ré.
Chun iarratas a dhéanamh ar cháipéis i bhformáid eile, déan teagmháil leis an Oifigeach Rochtana ar 094 90 24444 nó tríd an ríomhphost ag accessforall@mayococo.ie.
Cuirimid fáilte roimh aiseolas ar inrochtaineacht an tsuímh ghréasáin seo.
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn ceist ar bith agat faoi chúrsaí inrochtaine a bhaineann le Comhairle Contae Mhaigh Eo.
Teileafón : 094 90 24444
R-phost : accessforall@mayococo.ie
9r.n.-1i.n. agus 2i.n.-5i.n. ó Luan go hAoine