Tá tú anseo: Baile > Site Tools > Inrochtaineacht > O2 Ability Awards

Gradaim


Gradaim


Gradaim O2

Is clár iad Gradaim Cumais O2 a thugann aitheantas d’fhostóirí a sholáthraíonn áiteanna oibre d’fhostaithe a bhfuil laigí fisiceacha agus/nó intinne ag dul dóibh.

Tugann an gradam aitheantas d’eagraíochtaí a chuireann ar chumas daoine ó gach leibhéal cumais dul ag obair agus dul chun cinn a dhéanamh laistigh den eagraíocht sin tríd an timpeallacht fhisiceach agus na polasaithe atá acu.

Bhain Comhairle Contae Mhaigh Eo amach an Gradam Cumais foriomlán i 2007 agus gradaim i 2005 agus 2006.

le haghaidh tuilleadh eolais ar an gclár Gradaim, téigh chuig an láithreán gréasáin www.theabilityawards.com (osclaíonn seo fuinneog nua).

Gradam Foriomlán 2007


I 2007, Bhain Comhairle Contae Mhaigh Eo amach an Gradam Cumais O2 san earnáil phoiblí foriomlán. Léigh an scéal iomlán ar láithreán gréasáin O2

Gradam an Scoth Trí Dhaoine de chuid FÁS

Is é Scoth Trí Dhaoine Caighdeán Náisiúnta na hÉireann do Forbairt Acmhainní Daonna. Is é an cuspóir atá aige ná eagraíochtaí a spreagadh chun barr feabhais a bhaint amach trí oiliúint, forbairt agus rannpháirtíocht a gcuid daoine; agus aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí a bhfuil an aidhm sin bainte amach acu. Fuair Comhairle Chontae Mhaigh Eo an Caighdeán seo i 1997 agus tá sé coinnithe acu ó shin.

 

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.