Tionscnamh feasachta poiblí is ea 'Park Smart Mayo' a chuireann ceartúsáid na gcosán agus na spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas chun cinn, agus a chuireann ar shúile do dhaoine na himpleachtaí a bhaineann leis na spásanna seo a choisc. Ba é an Comhairleoir John Cribbin, Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, a sheol an tionscnamh seo ar 22 Meán Fómhair 2009. Tá leathanach gréasáin ar leith cruthaithe don tionscnamh seo ina sonraítear eolas ar pháircáil cheart, ar fhíneálacha agus ar spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas. Is féidir breathnú air ach gliogáil anseo.