Ní mór d’údaráis áitiúla faoin Acht um Míchumas, 2005, rochtain iomlán chomhionann ar a gcuid seirbhísí uile a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas. Tá Plean Straitéiseach Míchumais 2008 – 2010 ullmhaithe ag Údaráis Áitiúla Chontae Mhaigh Eo ina n-aithnítear cuspóirí agus beartais na n-údarás i leith daoine faoi mhíchumas. Tugtar liosta beart agus tionscnamh leis a thugfar go forásach faoi na cuspóirí seo.
Cuireadh an Plean Straitéiseach Míchumais, 2008-2010 faoi bhráid eagraíochtaí a oibríonn le daoine faoi mhíchumas ag cruinniú comhairliúcháin lena mbarúil agus a dtuairimí a fháil air sular cuireadh bailchríoch ar an gcáipéis.
Tá cóipeanna den Phlean Straitéiseach Míchumais le híoslódáil ach gliogáil ar an nasc thíos:
Disability Strategic Plan 2008-2010 (Word)
Disability Strategic Plan 2008-2010 (PDF)
Tá an cháipéis seo ar fáil i bhformáidí eile má iarrtar orthu.
De réir Phlean Earnála na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Údaráis Áitiúil ní mór do gach údarás áitiúil plean gníomhaithe a ullmhú don chontae. Tugtar sa phlean seo eolas ar bhearta atá le cur i gcrích chun rochtain a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas ar eolas, seirbhísí, bóithre poiblí, áiteanna agus foirgnimh phoiblí. Cinnteofar dá thoradh sin go bhfuil seirbhísí, cláir agus áiseanna na n-údarás ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas díreach mar atá siad ar fáil don chuid eile den phobal.
Cuireadh dréacht den phlean gníomhaithe seo faoi bhráid na n-eagraíochtaí éagsúla sa chontae a oibríonn le daoine faoi mhíchumas agus cuireadh ar fáil do pháirtithe leasmhara é lena dtuairimí agus a moltaí a fháil air. Tionóladh cruinniú comhairliúcháin den Choiste um Rochtain do Chách agus an Fóram um Míchumais chun tuilleadh tuairimí agus moltaí a fháil sular cuireadh ballchríoch ar an bplean.
Tá cóipeanna den Phlean Straitéiseach Míchumais le híoslódáil ach gliogáil ar an nasc thíos:
Implementation Plan 2008-2015 (Word)
Implementation Plan 2008-2015 (PDF)
Tá an cháipéis seo ar fáil i bhformáidí eile má iarrtar orthu.
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn ceist ar bith agat faoi chúrsaí inrochtaine a bhaineann le Comhairle Contae Mhaigh Eo.
Teileafón : 094 90 24444
R-phost : accessforall@mayococo.ie
9r.n.-1i.n. agus 2i.n.-5i.n. ó Luan go hAoine