Mayo County Council logo

Clómhéid a Athrú

JavaScript

Má tá JavaScript cumasaithe ar do bhrabhsálaí, ní gá ach gliogáil ar na ‘A’s ar bharr an leathanach ar dheis chun an clómhéid ar an suíomh gréasáin seo a mhéadú nó a laghdú.

Má tá JavaScript díchumasaithe ar do bhrabhsálaí, tig leat an clómhéid ar an suíomh gréasáin seo a athrú trína shocrú sa bhrabhsálaí féin.

Úsáideoirí Internet Explorer

Má úsáideann tú an brabhsálaí gréasáin Internet Explorer de chuid Microsoft (breathnaigh sa roghchlár 'Help' lena fheiceáil an luaitear ‘About Internet Explorer’ ann):

  1. Gliogáil ar an gcnaipe ‘View’ ar bharr an leathanaigh.
  2. Roghnaigh ‘Text Size’ ón liosta a nochtaítear faoi ‘View’, agus roghnaigh an clómhéid a theastaíonn uait (ó ‘Smallest’ go ‘Largest’)

Tabhair faoi deara: beidh an rogha seo i bhfeidhm ar GACH suíomh gréasáin a bhreathnaíonn tú air as seo amach. Dá bhrí sin, beidh ort an rogha seo a dhéanamh ar an athuair más mian leat an clómhéid a athrú arís.

Úsáideoirí Firefox

Má úsáideann tú an brabhsálaí gréasáin Firefox (breathnaigh sa roghchlár 'Help' lena fheiceáil an luaitear ‘About Mozilla Firefox’ ann):

  1. Gliogáil ar an gcnaipe ‘View’ ar bharr an leathanaigh.
  2. Roghnaigh ‘Text Size’ ón liosta a nochtaítear faoi ‘View’, agus roghnaigh cé acu is mian leat an clómhéid a mhéadú nó a laghdú trí ghliogáil ar ‘Increase’ nó ‘Decrease’.
  3. Is féidir leat an clómhéid a mhéadú nó a laghdú níos mó ach céim 2 a dhéanamh ar an athuair.

Tabhair faoi deara: beidh an rogha seo i bhfeidhm ar GACH suíomh gréasáin a bhreathnaíonn tú air as seo amach. Dá bhrí sin, beidh ort an rogha seo a dhéanamh ar an athuair más mian leat an clómhéid a athrú arís.

Úsáideoirí Google Chrome

Má úsáideann tú an brabhsálaí gréasáin Google Chrome (gliogáil ar dheilbhín an rinse/‘oiriúnaigh’ lena fheiceáil an luaitear ‘About Google Chrome’ faoi):

  1. Gliogáil ar ‘Control the Current Page’ nó deilbhín an leathanaigh chun roghchlár a nochtadh.
  2. Roghnaigh ‘Text Zoom’ ón liosta a nochtaítear faoi ‘View’, agus roghnaigh cé acu is mian leat an clómhéid a mhéadú nó a laghdú trí ghliogáil ar ‘Larger’ nó ‘Smaller’.
  3. Is féidir leat an clómhéid a mhéadú nó a laghdú níos mó ach céim 2 a dhéanamh ar an athuair.

Tabhair faoi deara: Ní bheidh tionchar aige seo ach ar an leathanach a bhfuil tú ag breathnú air faoi láthair.

 

  More Mayo County Council and Local Government Websites