Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Rialachas agus Daonlathas

Cúram Custaiméirí

Leagtar amach i gCairt Custaiméirí Chomhairle Contae Mhaigh Eo an méid a mbeifeá ag súil leis agus tú ag déileáil leis an gComhairle Contae.   

Tá sé mar bhunchloch againn i ngach a ndéanaimid caighdeán maireachtála agus folláine mhuintir Mhaigh Eo a fheabhsú, agus mealltacht an Chontae mar áit chónaithe, oibre, infheistíochta agus siamsaíochta a chothú.

Is í an fhís atá againn gur contae inbhuanaithe, ionchuimsitheach, rathúil agus bródúil a bheidh i Maigh Eo. Céim mhór i dtreo na físe sin, agus chun poist, fiontraíocht, infheistíocht agus fostaíocht a chur chun cinn, is ea ár bPlean Corparáideach. Is chun leasa ár bpobail an Plean agus is cuspóir réadúil, spreagúil agus indéanta é ár bhfís a bhaint amach.

Is ar fhorbairt pobail agus eacnamaíochta, ar fholláine pobal agus ar chruthú post a dhírímid den chuid is mó. Oibrímid leis an Rialtas Náisiúnta chun feidhmeanna na forbartha a ailíniú leis an rialtas áitiúil.

D’fhonn an gealltanas a dhéantar inár bPlean Corparáideach a bhaint amach, tá Cairt Custaiméirí curtha le chéile againn ina sonraítear an t-ionchas is féidir a bheith agat maidir le cáilíocht na seirbhísí a chuirimid ar fáil. Ar an gcaoi chéanna, sonraítear ann an t-ionchas atá againne maidir le hiompar pearsanta nuair a bhíonn baill den phobal ag déileáil linne.

Táimid tiomanta freastal ar ár gcustaiméirí ar bhealach éifeachtúil, éifeachtacha agus cineálta agus muid ag cur ár raon leathan seirbhísí poiblí ar fáil. Déanaimid iarracht ceisteanna a réiteach ag an gcéad phointe teagmhála nuair is féidir.

I mí na Bealtaine 2019, toghadh Comhairle nua ar a bhfuil 30 Comhalta. Rinneadh na toghcheantair áitiúla a athchóiriú ina gceithre cheantar bhardasacha, is iad sin, Caisleán an Bharraigh, Cathair na Mart-Béal an Mhuirthead, Béal an Átha agus Clár Chlainne Mhuiris-Béal Átha na Muice. Is trí chomhoibriú lenár n‑ionadaithe tofa, ár bhfostaithe agus na páirtithe leasmhara uile a bheimid in ann ár Misean, ar bhFís agus ár gCuspóirí a bhaint amach. Beidh an Chairt Custaiméirí ina cuidiú linn agus muid ag iarraidh ár seirbhísí a sholáthar ar bhealach níos éifeachtúla, níos éifeachtaí agus níos trédhearcaí.


Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha