Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Maoiniú

Maoiniú

Tá roinnt scéimeanna deontais ar fáil trí Chomhairle Contae Mhaigh Eo a d’fhéadfadh bheith ina ndíol spéise do ghrúpaí nó do dhaoine a bhfuil Tionscadail Oidhreachta Pobail á bhforbairt acu. Áirítear leo seo Deontais Pobail, deontais Oidhreachta Pobail agus Clár Áitiúil 21.

Tá sonraí faoi na scéimeanna deontais atá ar fáil ó chomhlachtaí eile ar fáil ó na suíomhanna gréasáin ábhartha

An Chomhairle Oidhreachta

Glacann Clár Deontas na Comhairle Oidhreachta le hiarratais ar Thionscadail Oidhreachta trína gCóras Deontas ar líne. Féach suíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta, le do thoil, chun teacht ar an eolas is cothroime le dáta ar an gcistiú seo.

Clár LEADER Mhaigh Eo

D’fhéadfadh deontais do thionscadail éagsúla oidhreachta a bheith ar fáil ó Chlár LEADER Mhaigh Eo.

Cistiú Eile

Cuireann cistí príobháideacha, cosúil le IPB Insurance, The Ireland Funds agus cistí éagsúla eile cistiú ar tairiscint ó thráth go chéile do thionscadail a bhfuil téama fairsing oidhreachta acu. Caith súil ar a suíomhanna gréasáin féin chun teacht ar shonraí.

Cistiú chun Foirgnimh a Chaomhnú

Deontas Tuíodóireachta

Tá deontais chun tuí a athnuachan nó a dheisiú ar fáil ón Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Le bheith incháilithe don deontas seo, caithfidh an teach a bheith ina ghnátháit chónaithe.

eolas breise agus foirmeacha iarratais ar fáil ó An Rannóg Deontais Tithíochta, Oifigí an Rialtais, Béal an Átha, Contae Mhaigh Eo, trí ghlaoch ar an uimhir Ghlaoigh Áitiúil 1890 30 50 30.  D’fhéadfadh foirgnimh cheann tuí atá ar an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta cáiliú chomh maith do chúnamh deontais faoi na scéimeanna deontais caomhnaithe (féach thuas)

Caomhnú Foirgnimh Thraidisiúnta Feirme

Scéim Deontais Foirgnimh Thraidisiúnta Feirme GLAS á reáchtáil ag an gComhairle Oidhreachta i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara d’fheirmeoirí atá faofa i Scéim GLAS. Is féidir deontas a mhéid le 75% de chostas na n-oibreacha a bhronnadh, agus idir €4,000 agus uasmhéid €25,000 a bhíonn sa deontas. Tá an deontas ar fáil le tithe amuigh traidisiúnta feirme, díonta, ballaí, deisiúcháin struchtúracha, fuinneoga agus doirse san áireamh, a chaomhnú.

Tá an deontas ar fáil chomh maith do struchtúir eile ghaolmhara, dromchlaí stairiúla clóis, ballaí, galláin gheata agus geataí san áireamh. Tá an próiseas an-iomaíoch agus tacaíodh le thart ar 70 tionscadal in 2017. Leagtar an bhéim ar dheisiúcháin bhunriachtanacha, agus ní thugtar an tús áite is mó d’oibreacha athchóirithe. Osclaítear an scéim gach bliain do chistiú. Chun teacht ar shonraí, féach suíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta.

Scéimeanna Deontais Caomhnaithe Eile

Tá roinnt foinsí eile de chistiú ar fáil le struchtúir stairiúla a chaomhnú agus a dheisiú. Chun teacht ar eolas breise, féach An Oifig Caomhantais Ailtireachta, Rannóg na nAiltirí 


Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha