Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Oidhreacht agus Caomhántas

Tionscadal Thoibreacha Beannaithe Mhaigh Eo


Áiteanna beannaithe iad Toibreacha Beannaithe Mhaigh Eo atá suite sa tírdhreach nádúrtha. Is minic gur áiteanna an-seana iad a mbaineann go leor béaloidis agus nósanna traidisiúnta leo. Tá áit thábhachtach i gcultúr na hÉireann ag toibreacha beannaithe, a chuireann áit shuaimhneach ar fáil d’oilithrigh am a chaitheamh dá gcráifeacht phearsanta, le paidreacha a rá agus le leigheas a fháil.

Tá 146 tobar beannaithe curtha i dtaifead i gContae Mhaigh i Suirbhéireacht Seandálaíochta na hÉireann. Is féidir teacht ar na toibreacha beannaithe i Maigh Eo in go leor láithreacha ar fud an chontae, síos bóithríní, suas sléibhte, i bportaigh, cois cladaigh agus fiú inár mbailte agus ár sráidbhailte. Deirtear paidreacha go rialta ag go leor de na toibreacha i Maigh Eo agus tugtar cuairt go fóill orthu. Tá go leor toibreacha ligthe i ndearmad faoin tráth seo, mar sin féin, agus níl cuimhne ar a láthair agus ar na nósanna a bhain leo.

Thosaigh an Oifig Oidhreachta suirbhéireacht ar thoibreacha beannaithe Mhaigh Eo le cistiú ón gComhairle Oidhreachta. Beidh a mhéid eolas agus is féidir ar thoibreacha beannaithe Mhaigh Eo á bhailiú agus á chur le chéile againn. Beidh eolas áitiúil thar a bheith luachmhar don tionscadal, agus spreagaimid daoine eolas a sholáthar ar a dtoibreacha beannaithe áitiúla.

An bhfuil eolas agat le roinnt faoi Thoibreacha Beannaithe Mhaigh Eo? An dtugtar cuairt go fóill ar thoibreacha nach bhfuil curtha i dtaifead go hoifigiúil? An mbaineann nósanna, deasghnátha, traidisiúin, scéalta, nó leigheas le do thobar beannaithe áitiúil ba mhaith leat a roinnt? An fios duit an lá ar tugadh cuairt ar an tobar agus cén paidreacha a dúradh? Ar fágadh ofrálacha ag an tobar, ag cloch nó ag crann i ngar dó?

Trí pháirt a ghlacadh sa suirbhé ar líne ar Thoibreacha Beannaithe Mhaigh Eo, cabhróidh tú leis na háiteanna uathúla agus luachmhara seo a chur i dtaifead, atá mar chuid thábhachtach d’oidhreacht Mhaigh Eo.

Lean an nasc thíos le cúpla ceist ghearr a fhreagairt agus leis an eolas faoi do thobar beannaithe is mian leat a roinnt a chur ar fáil.

https://arcg.is/10nqbT

Beifear an-bhuíoch go deo as an eolas go léir, dá laghad nó dá mhéid é, agus úsáidfear an t-eolas a bhaileofar ón suirbhé le bunachar sonraí buan de thoibreacha beannaithe agus de na creidimh a bhaineann leo a chur le chéile. Coimeádfaidh Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Mhaigh Eo an t-eolas seo agus cuirfear ar fáil don phobal é.

Is é an dáta deiridh le taifid a bheith seolta Dé Luain, an 2 Deireadh Fómhair 2023.

Má tá aon cheisteanna agat faoin Suirbhé ar Thoibreacha Beannaithe Mhaigh Eo nó má tá tú i do bhall de ghrúpa pobail atá bunaithe i Maigh Eo a bhfuil ar intinn acu tionscadal a fhorbairt le haire a thabhairt don tobar beannaithe i do cheantar, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Tamlyn trí ghlaoch ar 086 8706529 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig info@fadoarchaeology.com.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha